Jump to content

Michael McGrath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMichael McGrath

(2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Lúnasa 1976
48 bliana d'aois
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
An tAire Airgeadais
17 Nollaig 2022 –
← Paschal Donohoe
An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
27 Meitheamh 2020 – 17 Nollaig 2022
← Paschal DonohoePaschal Donohoe →
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh Theas-Lár

Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh Theas-Lár

Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh Theas-Lár

Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh Theas-Lár

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
16 Eanáir 2023Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2023 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmichaelmcgrath.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: mmcgrathtd Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach, Coimisinéir Eorpach tofa agus iar-Theachta Dála do cheantar Chorcaigh Theas-Láir é Michael McGrath (rugadh 23 Lúnasa 1976). Micheál Mac Craith a thugtar i nGaeilge air. Tá sé ina bhall d'Fhianna Fáil.

2017

Toghadh Michael McGrath chun na Dála den chéad uair in 2007 agus atoghadh in éineacht le Micheál Martin é i gCorcaigh Theas-Lár i ngach olltoghchán ó shin.[1]

Ceapadh Michael McGrath ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nuair a bunaíodh an comhrialtas in 2020. In 2022 ceapadh ina aire airgeadais é nuair a rinne sé féin agus Paschal Donohoe Fhine Gael a bpoist a mhalartú de réir mar a bhí socraithe sa mhargadh rialtais.

Ar an 25 Meitheamh 2024, chuir an Tánaiste Micheál Martin a mholadh go n-ainmneofaí Michael McGrath don phost san Eoraip, a bhfuil tuarastal €300,000 (saor ó cháin) in aghaidh na bliana ag dul leis,[1] faoi bhráid an rialtais ar maidin. Ag an aire airgeadais atá an aireacht is sinsearaí sa Rialtas agus tá Fianna Fáil ag súil dá bharr go bhfaighidh McGrath post airgeadais ar an gCoimisiúin, postanna a mbíonn an-tóir orthu i measc na mballstát.

Bhí McGrath ar an gcéad pholaiteoir de chuid Fhianna Fáil a bhí ina Choimisinéir Eorpach ó d’éirigh Máire Geoghegan-Quinn as an gcoimisiún in 2014.[1]

Sna toghcháin áitiúla 2024, ba é Seamus McGrath, deartháir Michael McGrath, a fuair an líon is mó vótaí céadrogha sa stát.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "An t-iar-aire stáit Gaeltachta Jack Chambers le ceapadh ina aire airgeadais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-25). Dáta rochtana: 2024-06-25.