Dara Calleary
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Bealtaine 1973 51 bliana d'aois Béal an Átha, Éire |
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara | |
15 Iúil 2020 – 21 Lúnasa 2020 Ball de chomh-aireacht: Martin ministry (en) | |
Teachta Dála | |
8 Feabhra 2020 – Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Maigh Eo Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
Teachta Dála | |
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Maigh Eo Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
Teachta Dála | |
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Maigh Eo Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |
Teachta Dála | |
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 30ú Dáil Toghcheantar: Maigh Eo Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2007 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fianna Fáil |
Teaghlach | |
Athair | Seán Calleary |
Suíomh gréasáin | daracalleary.ie |
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Mhaigh Eo é Dara Calleary (a rugadh ar an 10 Bealtaine, 1973). Bhí sé ina Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ó 2009 go dtí 2011, agus arís sa bhliain 2022. Bhí an Teachta Calleary ina ina Aire Stáit i Roinn an Taoisigh, ina Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, ina Phríomh-Aoire agus ina Aire Stáit do chúrsaí Gaelachta, Gaeilge agus Spóirt chomh maith.[1]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé ina bhall den pháirtí Fianna Fáil agus mar TD do cheantar Mhaigh Eo ó 2007. Tá cónaí air i mBéal an Átha. Is ball é de Fheidhmeannas Náisiúnta an pháirtí ón mbliain 1997 i leith é. Is mac é le Seán Calleary a bhí mar TD do Thuaisceart Mhaigh Eo ón mbliain 1973 go 1992 agus garmhac é do Phelim Calleary a toghadh mar bhall den 14ú Dáil ag fo-thoghchán na bliana 1952 go dtí gur éirigh as ag toghchán na bliana 1969.
Sheas sé san Olltoghchán 2016 agus toghadh é le 14.8% de na vótaí céad rogha. Bhí roinnt rólanna éagsúla aige sa Rialtas le linn an ama sin.
Sa bhliain 2022, bhí Calleary ceapaithe ina Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta in áit Robert Troy. Bhí Calleary mar rogha na coitiantachta chun teacht i gcomharbacht ar Troy.[1]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is minic a chloistear Calleary, arb as Béal an Átha dhó, faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-08-31). "Dara Calleary ceapaithe ina Aire Stáit in áit Robert Troy" (as ga).
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (20 Samhain 2024). "Seans go mbeidh suíochán ag Gráinne Seoige agus gur idir Mairéad Farrell agus Seán Kyne a bheidh an ceann deireanach i nGaillimh Thiar" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-23.