Jump to content

Insecta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Feithid)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoInsecta Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo defeithid inite Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
ForíochtBilateria
FíleamArthropoda
FofhíleamHexapoda
AicmeInsecta Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Artrapód a bhaineann leis an rang orgánach is mó éagsúla atá beo ar Domhan is ea an Insecta (Gaeilge:Na feithidí).[1]

De réir cineáil,[1]

  • Dhá adharcán ar an gceann agus dhá shúil chumasctha.
  • Dhá chos ar gach ceann de na 3 theascán den tóracs,
  • Dhá sciathán ar an dá theascán dheireanacha.
  • Na hoscailtí giniúnacha ag cúl an bhoilg
  • Eiseachnámharlach, is é sin go mbíonn sliogán crua ar an taobh amuigh seachas cnámha inmheánacha mar a bhíonn ag mamaigh agus éin. Bíonn trí chuid sa cholainn, an ceann le péire adharc, an tóracs a bhfuil trí phéire cos air, agus an abdóman.

Meastar go bhfuil 1,000,000 speiceas ar a laghad ann.

Fuarthas iontaisí feithidí ón tréimhse Dheavónach, timpeall 345-400 milliún bliain ó shin. Bíonn gnáthóga éagsula ag feithidí, agus tá siad tábhachtach chun plandaí a phailniú, mar lotnaidí, is mar iompróirí galar.

Is iad na ciaróga na feithidí is coitianta agus is forleithne ar domhan, an ceathrú cuid de speicis bheo an domhain ar fad. Is beag cineál a mhaireann sa bhfarraige ach tá siad beagnach gach áit eile. Bíonn a lán acu níos lú ná 1 milliméadar ar fhad. Bíonn siad uafásach líonmhar: Thomhais saineolaí sa Bhreatain go raibh 400 milliún feithidí ina gcónaí ar acra amháin talún in aice le Cambridge i 1943.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).