Jump to content

Cearbhall Ó Dálaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCearbhall Ó Dálaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Feabhra 1911
Bré, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Márta 1978
67 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTrombóis chorónach
Áit adhlacthaAn tSnaidhm Cuir in eagar ar Wikidata
5 Uachtarán na hÉireann
19 Nollaig 1974 – 22 Deireadh Fómhair 1976
← Erskine Hamilton ChildersPádraig Ó hIrighile →
Breitheamh de Chúirt Bhreithiúnais Eorpach
10 Márta 1973 – 19 Nollaig 1974
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann
16 Meitheamh 1961 – 22 Meán Fómhair 1973
← Conor MaguireWilliam FitzGerald →
Breitheamh de Chúirt Uachtarach na hÉireann
3 Samhain 1953 – 22 Meán Fómhair 1973
9 Ard-Aighne na hÉireann
14 Meitheamh 1951 – 11 Iúil 1953
← Charles Casey (en) AistrighThomas Teevan (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Scoil Chrónáin Naofa Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, polaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
CéileMáirín Uí Dhálaigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincearbhallodalaigh.org Cuir in eagar ar Wikidata
Find a Grave: 213899104 Cuir in eagar ar Wikidata
Cearbhall Ó Dálaigh

Ba é Cearbhall Ó Dálaigh an cúigiú Uachtarán ar Éirinn (12 Feabhra, 1911 - 21 Márta 1978).[1][2] Bhí sé ina Phríomhbhreitheamh agus ina ghnáthbhreitheamh sa Chúirt Uachtarach agus ina bhreitheamh i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach sular ceapadh ina Uachtarán é.

Bhí aithne air mar dhuine a raibh grá aige do theanga agus cultúr na Gaeilge.

Rugadh Cearbhall Ó Dálaigh i mBré, Contae Chill Mhantáin. Duine de cheathrar clainne a bhí ann, mac le siopadóir gan mórán suime sa pholaitíocht. Bhí deartháir ní ba shine aige, Aonghus, agus beirt dheirfiúr ní b'óige, Úna agus Nuala. D'fhreastail sé ar scoil Náisiúnta Naomh Crónán.

Fuair Cearbhall Ó Dálaigh a chuid oideachais ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, agus bhain sé céim amach - i staidéar Ceilteach - i 1931.[3] Agus é ina mhac léinn ag Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach agus ar an gCumann Liteartha agus Stairiúil sa choláiste.[4] Bhí sé ina eagarthóir Gaeilge ar Scéala Éireann (an Irish Press) ó 1931 go 1940.

Aisteoir díograiseach a bhí ann ina luathshaol, eisean agus dlúthchara dó Cyril Cusack. Nuair a shroich an scannán de chuid Disney Darby O'Gill and the Little People na pictiúrlanna in Éirinn, rinne an bheirt acu agóid le chéile, mar gheall ar an droch-steiréitíopa d'Éireannaigh a bhí curtha i láthair.

Fuair an Dálach bás tobann (taom croí) ar an 21 Márta 1978, sa tSnaidhm, Co. Chiarraí.

Rinne an Dálach staidéar ar dhlí ag Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra é i 1934 agus chun Bharra na Sinsear i 1945.

Ceapadh ina Ard-Aighne é i 1946, an ceann ab óige ag an am, agus Éamon de Valera ina Thaoiseach. Chaith sé dhá théarma sa phost, idir 1946-48 agus arís idir 1951-53.

Rinne Breitheamh de sa Chúirt Uachtarach i 1953. Bhí sí ina Phríomh-Bhreitheamh agus ina Uachtarán ar an gCúirt Uachtarach ó 1961 go 1973.

Sa bhliain 1972, ceapadh Ó Dálaigh ina Bhall de Chúirt Bhreithiúnais Chomhphobail Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) ar aontachas na hÉireann le ballraíocht na gComhphobal. D'éirigh sé mar sin an chéad breitheamh na hÉireann sa chúirt sin. Bhí sé ina Uachtarán ar a Chéad Dlísheomra i 1974. Fuair an Dálach stádas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid na Cúirte nuair a chuaigh Éire isteach san Aontas ar 1 Eanáir 1973.[5][6]

Uachtarán conspóideach ar Éirinn

Bhí tionchar ollmhór ag an Dálach ar fhorbairt an dlí bhunreachtúil.[4]

Bhí ról cinntitheach aige i staid na Cúirte Uachtaraí mar chaomhnóir chearta na saoránach a bhí cumhdaithe sa Bhunreacht a fhorbairt: ba é an cinneadh lárnach maidir leis sin ná Ryan v. an Ard-Aighne (1965) nuair a d'fhorbair an Chúirt foirceadal na 'gceart neamháirithe", i. go raibh leathscáil ceart bunúsach a bhí iontuigthe ón mBunreacht.[3]

Áras an Uachtaráin.

Gairm pholaitiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tacadóir tiomanta de Fhianna Fáil i gcónaí a bhí ann, agus chuaigh sé i mbun oibre ar Fheidhmeannas Náisiúnta an pháirtí sna 1930idí agus céim bainte amach aige ón ollscoil.

an Taoiseach, Liam Mac Cosgair, 1976

Chuir sé a ainm isteach mar iarrthóir le haghaidh toghchán Dála agus Seanaid araon, ach theip ar an dá iarracht. Sheirbheáil sé mar chathaoirleach ar roinnt coimisiún Rialtais agus ar an gCoiste um Chaidreamh Culúrtha.[3]

Tar éis d'Uachtarán na hÉireann ag an am, Erskine Childers bás tobann a fháil, toghadh é - gan freasúra agus gan toghchán - mar Uachtarán na hÉireann. Oirníodh é ar 19 Nollaig 1974.[7]

Conspóid agus éirí as oifig, 1976

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an Dálach an-choinsiasach agus é ag comhlíonadh a dhualgas mar Uachtarán, rud a chuir lena aighneas leis an Rialtas (Fine Gael / Lucht Oibre) agus lena éirí as sa bhliain 1976.[4]

I Meán Fómhair 1976, cuireadh Bille Cumhachtaí Práinne[8] ina láthair le síniú. Ach shocraigh sé an tAcht Cumhachtaí Práinne a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí lena chuid bunreachtúlachta a thastáil, agus é ag iarraidh cearta an tsaoránaigh a chosaint.

Ba é breithiúnas na Cúirte ná nach raibh an tAcht ar neamhréir leis an mBunreacht agus ar an 18 Deireadh Fómhair 1976, shínigh Ó Dálaigh é.

Trí lá níos déanaí, ag ócáid airm i nDún Columb, Muileann gCearr, thug Aire Cosanta an Chomhrialtais, Paddy Donegan (Fine Gael) masla dó. Chuir sé ina leith "Thundering disgrace" (nó i bhfad níos graosta).[9] An rud is tábhachtaí agus is measa, bhí an tAire ag labhairt os comhair oifigeach Airm na hÉireann i Muileann gCearr.

Sáraíodh rún Dála ag an bhfreasúr ag iarraidh go n-éireodh an tAire (a ghabh a leithscéal idir an dá linn) as a phost, ar an 21 Deireadh Fómhair.[10]

An 22 Deireadh Fómhair 1976, d'éirigh Ó Dálaigh as oifig mar uachtarán nuair nár ghlac an Taoiseach, Liam Mac Cosgair, le héirí as oifig Donegan. Dúirt an Dálach gurbh é "an t-aon bhealach le mo chuid ionracais agus neamhspleáchais pearsanta féin mar Uachtarán na hÉireann a dhearbhú agus le dínit agus neamhspleáchas na huachtaránachta mar institiúid a chosaint".[3]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó DÁLAIGH, Cearbhall (1911–1978) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. president.ie. "Childrens Section - Stair / Who Past". president.ie. Dáta rochtana: 2020-05-19.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-08-02.
  4. 4.0 4.1 4.2 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Cearbhall Ó Dálaigh (1911-78)". Dáta rochtana: 2021.
  5. Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2019-12-19.
  6. Seán Ó Riain (2010-12-30). "Irish and Translation – the EU Context" (as en). Études irlandaises (35-2): 65–80. doi:10.4000/etudesirlandaises.1958. ISSN 0183-973X. 
  7. "Uachtaráin,5,Cearbhall Ó Dálaigh, President of Ireland, Stair na hÉireann,TG4" (as en) . 
  8. ""an tAcht Cumhachtaí Práinne, 1976"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-08-02.
  9. "My part in downfall of a President over the 'thundering disgrace' debacle" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  10. Houses of the Oireachtas (1976-10-28). "Confidence in Government: Motion. – Dáil Éireann (20th Dáil) – Thursday, 28 Oct 1976 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2021-08-02.
  11. "Uachtaráin,5,Cearbhall Ó Dálaigh, President of Ireland, Stair na hÉireann,TG4" (as en) .