Beirlín
Teimpléad:Bailte sa Ghearmáin Is í Beirlín (Gearmáinis: Berlin) príomhchathair na Gearmáine, agus í ar an gcathair is mó sa tír sin, nó tá 3,496,293 duine ina gcónaí ansin (ó thús mí Meán Fómhair 2015); is ísliú é sin ón 4.5 mhilliún duine a bhíodh sa chathair roimh an Dara Cogadh Domhanda.
Stair
Tá lár stairiúil na cathrach suite idir na haibhneacha úd Spree agus Vaclav Havel, agus an stát cónasctha úd Brandenburg á timpeallú ó gach taobh.
Bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne sna 1940idí. Sna tréimhse 1949-1990, bhí an chathair dealaithe ina dhá cuid, Beirlín Thoir agus Beirlín Thiar. Ba í Beirlín Thoir príomhchathair Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne. Ba é dearcadh mhuintir na cathrach féin gur ceann de stáit de Phoblacht Chónasctha na Gearmáine a bhí ann, ach ní raibh na cumhachtaí forghabhála, an tAontas Sóivéadach ach go háirithe, sásta glacadh leis seo. Ba é polasaí Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach go háirithe, Selbständige Politische Einheit West-Berlin ("Slánaonad Polaitiúil Neamhspleách Bheirlín Thiar") a thabhairt ar an leath thiar den chathair.
Ar 24 Meitheamh 1948, d’ordaigh Stailín go ndruidfí gach bóthar, iarnród agus bealach uisce isteach go Beirlín Thiar. Tugadh ‘fadhbanna teicniúla’ mar fháth oifigiúil ar an chinneadh seo.
Sa bhliain 1949, tharla aertharlú chun Beirlín Thiar a shábháil. Tógadh dhá mhilliún tona earraí isteach le linn na tréimhse seo. Cuireadh deireadh leis ar 12 Bealtaine 1949.[1].
Sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath den chathair.
Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar, ceann de na siombailí ba chumhachtaí don athrú mór seo ab ea an dóigh ar chuir an chosmhuintir an balla de dhroim an tsaoil.
Ar an 23 Eanáir 1990 thosaigh an rialtas sa Ghearmáin Thoir ag leagadh Bhalla Bheirlín chun na píosaí is fearr le graifítí a dhíol.[2] Ar an 13 Meitheamh 1990 thosaigh saighdiúirí teorann sa Ghearmáin Thoir ag leagadh Bhalla Bheirlín go hoifigiúil.[3]
Spórt
Mar gheall ar an spórt i mBeirlín, is iad Hertha BSC agus 1. FC Union Berlin a imríonn sa dara sraith, Zweite Bundesliga, na clubanna sacair a bhfuil an cáil is mó orthu. Tá clú agus cáil ar Alba Berlin mar fhoireann cispheile.
Íomhánna
-
An Reichstag, suíomh Phairlimint na Gearmáine
-
An túr teilifíse i mBeirlín-Tiergarten.
-
Siegessäule (Colún an Bhua) i mBeirlín
-
Caisleán Charlottenburg i mBeirlín.
-
Geata Brandenburg
-
Balla Bheirlín sa bhliain 1986.
-
Balla Bheirlín sa bhliain 1989.
-
Potsdamer Platz i mBeirlín.
-
Gedächtniskirche (Eaglais cuimhneacháin)
-
Buddy Bär
Ceantair
Tá an chathair roinnte i ndá cheantar déag ar a dtugtar Bezirke nó Verwaltungsbezirke (ceantair riaracháin), mar seo a leanas:
Daoine mór le rá
- Friedrich II na Prúise, rí ar an bPrúis a rugadh i mBeirlín i 1712.
- Wilhelm von Humboldt, taidhleoir agus teangeolaí Gearmánach a bhásaigh i mBeirlín i 1835.
- Alexander von Humboldt, nádúraí is geografaí Gearmánach a rugadh i mBeirlín i 1769.
- Na deartháireacha Grimm, teangeolaithe Gearmánacha a bhásaigh i mBeirlín.
- Paul Heyse, scríbhneoir Gearmánach a rugadh i mBeirlín i 1830.
- Walter Adolph Gropius, ailtire Gearmánach a rugadh i mBeirlín i 1883.
- Marlene Dietrich, amhránaí agus aisteoir Gearmánach a rugadh i mBeirlín i 1901.
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- Wikivoyage - Beirlín
- Berlin.de - Suíomh oifigiúil
- Berlin.unlike.net - Suíomh do chuairteoirí atá dírithe ar lucht na n-óg. Eolas agus leideanna as Béarla.
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |