1. Fußballclub Union Berlin
Sonóg | Ritter Keule (en) | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Leasainm | Eiserne agus The Iron Ones | ||||
Cineál | club sacair | ||||
Dáta a bunaíodh | 20 Eanáir 1966 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ionad baile | Stadion An der Alten Försterei: Treptow-Köpenick (en) . 21,704 | ||||
Ballraíocht | 27,785 (2019) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Dirk Zingler | ||||
Príomhchóitseálaí | Bo Svensson (2024–) | ||||
Foireann | |||||
AFTV | |||||
Suíomh gréasáin | https://www.fc-union-berlin.de/ | ||||
Éidí | |||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| |||||||||||||||||||||||||||||||
Dathanna: | Dearg - Bán |
Is club sacair i mBeirlín sa Ghearmáin é 1. FC Union Berlin. Bunaíodh an club sa bhliain 1906 faoin ainm F.C. Olympia Oberschöneweide agus tugadh Union Oberschöneweide orthu sa bhliain 1920. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda bhí ainmneacha difriúla ar an gclub. Athbhunaíodh an club sa bhliain 1966 faoin ainm atá air inniu. B'iad an lucht leanúna a roghnaigh an t-ainm sin. Is iad dearg agus bán dathanna an chlub.
Imríonn an fhoireann a gcuid cluichí sa staid An der Alten Försterei (21,717 duine faoi láthair) in oirdheisceart Bheirlín. I séasúr 2008/09, nuathógtar cuid mhór den staid ag na céadta (timpeall 2,000) de lucht leanúna iad féin (gan aon phá) chun í a chur in oiriúint don lá inniu agus do na rialacha DFB um staideanna sa Ghearmáin. Dá bhrí seo, chaithfeadh Union a gcuid cluichí baile 2008/09 a imirt i staid Friedrich-Ludwig-Jahn-Sportpark i gceantar Prenzlauer Berg de Bheirlín. Nua-osclaíodh staid An der Alten Försterei ar an 8 Iúil 2009 le cluiche cairdeachais in aghaidh Hertha BSC. Sa séasúr seo chugainn, nuathógfar an príomhfhoirgneamh leis an bpríomhardán (suite) gan na cluichí rialta a bhriseadh.
Tar éis ceannchluiche um chorn DFB-Pokal 2000/01 a imirt in aghaidh Schalke 04 (0:2) bhí foireann na bhfear i dteideal chun páirt a ghlacadh i gcomórtas UEFA sa bhliain 2001/02 agus shroich siad an dara babhta. Imríonn Union sa dara sraith sacair na Gearmáine (Zweite Bundesliga), tar éis an séasúr 2008/2009 a chríochnú mar an chéad sheaimpín ariamh na 3ú sraith Ghearmánach, a bhí nuabhunaithe i samhradh 2008. Chríochnaigh siad an chéad séasúr dá gcuid faoi láthair sa dara sraith (.i. 2009/10) ar an 12ú háit (as 18). Sna séasúir ina dhiaidh sin shroich siad an 11ú, an 7ú agus arís an 7ú háit. Idir an dá linn nuathógtár ceathrú hardán na staide a bhfuil beagnach gach suíochán ar fad air. Tá an staid réite anois le haghaidh níos mó ná 21,700 duine (3,807 suíochán, 17,910 seasamh).
Nasc seachtrach
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1. FC Union Berlin – Suíomh greasáin oifigiúil an chlub
- Immer Unioner – Bunachar sonraí le gach aon pheileadóir a d'imríodh le haghaidh an chlub