Péineas: Difríocht idir leaganacha
m r2.6.4) (róbat ag mionathrú: fa:ذَکَر |
SilvonenBot (plé | dréachtaí) m r2.5.4) (róbat ag mionathrú: fa:کیر |
||
Líne 52: | Líne 52: | ||
[[et:Suguti]] |
[[et:Suguti]] |
||
[[eu:Zakil]] |
[[eu:Zakil]] |
||
[[fa: |
[[fa:کیر]] |
||
[[fi:Siitin]] |
[[fi:Siitin]] |
||
[[fiu-vro:Titt]] |
[[fiu-vro:Titt]] |
Leagan ó 13:06, 11 Aibreán 2012
Is é an bod an chuid de bhaill ghiniúna an fhir a sháitear isteach i bhfaighin na mná le linn na comhriachtana, leis an síol a chur isteach i mbroinn na mná. Úsáideann an fear (agus ainmhithe fireannacha na mamach placainteach eile) a bhod lena mhún a chaitheamh freisin.
Anatamaíocht
Bíonn breall ar bharr na sáfaí. Is é an breall an chuid is íogaire den bhod. Bíonn cadairne nó bosán ag bun na sáfaí. Istigh sa chadairne atá na magairlí. Is baill iad a bhfuil cruth ar nós uibheacha orthu na magairlí. Gintear síol an fhir sna magairlí.
Is é an bod an t-aon ball den choirp, fireann nó baineann, ar féidir méadú agus laghdú as féin. Níl an cumas seo ag aon ball eile den choirp. De ghnáth, bíonn an bod neamhtheann, ach chomh luath is a thagann éirí ar fhear, tosaíonn fuil ag líonadh an bhoid agus éiríonn sé, sé sin le rá méadaíonn sé agus éiríonn sé níos faide. Bíonn sé crua.
Ainmneacha malartacha
Ball fearga ainm malartach air freisin. Is iomaí leasainm atá ag fir ar a mbaill. I measc na leasainmneacha atá air, tá adharc, ball, bod, boidín, cipín, crann clis, cuiteog, ispín, matán an ghrá, pilibín, slat, slat fhearga, slat na seirce. I ndáiríre, níl teorainn le líon na n-ainmneacha ar an mbod.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |