Tréimhsí oiliúna in institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh
Bí i d’oiliúnaí leis an Aontas Eorpach!
Cuireann clár oiliúna le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais an méid seo a leanas ar fáil duit:
-
deis uathúil chun blaiseadh a fháil dá bhfuil i gceist le gairmréim san Aontas Eorpach
-
deis chun do scileanna gairmiúla a fheabhsú
-
deis iontach le fás pearsanta a dhéanamh
Is féidir ‘Tréimhsí oiliúna an Aontais Eorpaigh’ a dhéanamh i raon leathan réimsí, mar shampla:
-
acmhainní daonna
-
cumarsáid
-
teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide
-
dlí na hiomaíochta
-
beartas comhshaoil
-
caidreamh seachtrach
-
beartas forbartha
-
agus go leor eile!
Maireann formhór na dtréimhsí oiliúna 5/6 mhí (d’fhéadfadh roinnt acu a bheith níos giorra/níos faide). Íoctar thú le linn ‘Thréimhsí oiliúna an Aontais’ (braitheann an íocaíocht ar an eagraíocht óstach).
Sa roghchlár anuas thíos, is féidir leat na deiseanna oiliúna atá ar fáil a chuardach trí institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí éagsúla an Aontais a roghnú.
Go n-éirí an t-ádh leat!
Tabhair faoi deara nach eolas uileghabhálach é an t-eolas atá le fáil ar an leathanach seo. Tá gach institiúid, comhlacht agus gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh freagrach as a nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta féin a bhainistiú.
Start typing to search or select from the list.