Ambasadóirí Mac Léinn EU Careers
TAR AG OBAIR LINN
An mac léinn ollscoile thú agus an bhfuil suim agat taithí oibre a fháil agus teagmhálacha a dhéanamh? An duine cairdiúil spreagtha thú atá tógtha leis an Aontas Eorpach?
Seans gur tusa an chéad ambasadóir branda eile a bheidh againn! Táimid ag lorg daoine a bheadh sásta deiseanna fostaíochta san Aontas a chur chun cinn in ollscoileanna éagsúla ar fud an Aontais.
Déanfaidh tú an méid seo a leanas:
- Tuilleadh eolais a chur ar dheiseanna fostaíochta san Aontas agus mic léinn eile a chur ar an eolas fúthu
- Líonra spreagúil mac léinn a thógáil ar fud na hEorpa
- Taithí oibre a fháil a chuirfidh le do CV
- Do chuid scileanna a fhorbairt i réimsí na cainte poiblí, na margaíochta agus na n-acmhainní daonna
- Ionduchtú iomlán agus cóitseáil leanúnach a fháil agus tú sa ról
- Teagmháil a dhéanamh le hoifigigh ardchéime in institiúidí an Aontais
- Teistiméireacht a fháil a bheidh bunaithe ar an méid a bhainfidh tú amach
- A bheith i do phointe teagmhála do mhic léinn ar spéis leo na gairmréimeanna atá le fáil in institiúidí an Aontais
- Líonraí ollscoile a fhorbairt agus eolas a sholáthar maidir le deiseanna fostaíochta san Aontas
- A bheith gníomhach ar líne agus ar na meáin shóisialta
- Cainteanna a thabhairt, freastal ar ócáidí gairmeacha san ollscoil agus cainteoirí spéisiúla a aimsiú
- Ceisteanna a fhreagairt faoi dheiseanna fostaíochta san Aontas
- Spriocghrúpaí a aimsiú agus teagmháil a dhéanamh le meáin chumarsáide na hollscoile
- Liostaí seoltaí ríomhphoist a thiomsú agus eolas faoi dheiseanna fostaíochta san Aontas a scaipeadh trí na cainéil is oiriúnaí
Foghlaim tuilleadh ó Ambasadóirí Mac Léinn um Ghairmeacha AE:
- Ócáid nó cur i láthair amháin ar a laghad de chuid EU Careers a eagrú, nó páirt a ghlacadh ann
- Dhá uair an chloig ar a laghad in aghaidh na seachtaine a chaitheamh leis an ról ambasadóra
- Cumarsáid a dhéanamh go rialta leis an gcomhordaitheoir EU Careers i d’institiúid léinn
- Páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí oiliúna ar fad a chuireann EPSO ar fáil ar líne
- Cuntas a choinneáil de do chuid gníomhaíochtaí agus tuairisc a thabhairt orthu go rialta
- Sárscileanna cumarsáide agus líonraithe a bheith agat
- A bheith toilteanach foghlaim agus eolas a chomhroinnt
- Dea-scileanna eagrúcháin
- An cumas obair ar ardcháilíocht a dhéanamh agus torthaí a bhaint amach
Is fútsa a bheidh sé a dhéanamh amach cá mhéad obair chur chun cinn is acmhainn duit a dhéanamh de bhreis ar do staidéar acadúil. Daoine cruthaitheacha atá uainn mar ambasadóirí, daoine a chuimhneoidh ar dhóigheanna nua spéisiúla le gairmréimeanna in institiúidí an Aontais a chur chun cinn.
Tosóidh an próiseas roghnúcháin don bhliain acadúil 2025/2026 i mí Feabhra/mí an Mhárta 2025.
Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh má tá tú:
- I do shaoránach den Aontas Eorpach;
- Líofa sa Bhéarla agus i dteanga na tíre ina bhfuil tú ag déanamh staidéir;
- Ar fáil le páirt a ghlacadh sa chúrsa oiliúna éigeantach dhá lá a bheidh á reáchtáil againn i mí Dheireadh Fómhair 2025;
- Cláraithe agus i láthair san ollscoil ar feadh thréimhse an róil ambasadóra ar fad (Deireadh Fómhair 2025 – Meán Fómhair 2026);
Tabhair do d’aire gur i gcomhar leis na rialtais náisiúnta a tiomsaíodh liosta na n-ollscoileanna rannpháirteacha. Faoi láthair ní féidir linn tacaíocht a chur ar fáil d’ambasadóirí in ollscoileanna eile.
Mura bhfuil d’ollscoil ar an liosta seo, féach an leathanach seo ag tús na bliana seo chugainn chun an liosta nuashonraithe a sheiceáil.
Déan teagmháil linn:
Má bhíonn aon cheist agat, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil linn ag an seoladh ríomhphoist seo: [email protected]
Féach anseo na hollscoileanna rannpháirteacha don bhliain acadúil 2023-24 agus 2024-25.