Séadna/6
CAIBIDIOL A SÉ.
Gobnait.—Ba dheas an crónán é. Ach ní fheadar cad uime gur tugadh “cailleach ruainneach” uirthi. Is dócha gurab amhlaidh do bhí féasóg sgáinte uirthi, mar atá ar Chailleach na mBroc.
Cáit.—Cé dúirt go raibh féasóg ar Chailleach na mBroc?
Gobnait.—Ó, go deimhin, a Cháit, tá sí uirthi. Bhíos-sa ’na h‑aice, agus d’fheuchas go cruinn ar a smeigín, agus tá sé lán de ruibíbh móra fada ramhra agus iad liath mar a bheadh guairí. Nuair a chonaic sí mé ’ghá dtabhairt fé ndeara, do gháir sí agus chimil sí dem’ eudan iad, i dtreó go mb’éigean dom liúghadh leis an ngigilt.
Cáit.—Is mairg nach ad’ shúilibh a chuir sí iad. B’fhéidir go gcuirfeadh sé thú ó bheith ag feuchaint ar dhaoinibh chómh droch-mhúinte sin.
Gobnait.—Dómhaise, am briathar mhóide, a Cháit, gur am’ shúilibh a chuir sí iad, feuch! Agus siné a chuir ag liúirigh mé, agus ní h‑é an gigileas. Bhí aon cheann amháin ortha a bhí chómh mór chómh fada le snáthaid reamhair, agus chuaidh sé isteach am’ shúil, agus geallaim dhuit nár chuireas a chuimhne dhíom go ceann tamaill. Ní fheadar, ámhthach, an mbainfidh sé an droch mhúineadh dhíom.
Cáit.—Éist, a Ghobnait, mar mhagadh a bhíos. Ní’l aon droch mhúineadh ort-sa, agus ní raibh riamh. Ach tá rud agat ná fuil agam-sa,—tá foidhne agat. B’fhéidir, dá mbéinn féin ann, go dteipfeadh orm [ 46 ]gan feuchaint éigin a thabhairt ar na guairíbh. Ach an airighean tú, a Pheig, ní fheadar féin an tsaoghal cad é an paor a bhí ag an bhfear úd na méaracán ar Shéadna, gur thug sé an aghaidh bhéil úd air i lár an aonaigh, gan chúis gan adhbhar.
Peig.—Sin é díreach a bhí ag milleadh Shéadna. Ní fheidir sé cad fé ndear d’aoinne a leithéid a dhéanamh. Is minic ’na dhiaidh sin a bhí sé ar an aonach gceudna ag díol bróg, agus is ’mó tamall fada a chaith sé ag faire ar lucht méaracán ag brath air go bhfaigheadh sé lán a shúl de’n fhear a labhair leis an lá úd, ach ní bhfuair. Agus tá gach aon deabhramh, dá bhfaghadh, ná raghadh a chuid droch chainte i n‑aisge leis.
Cáit.—Is mór an truagh mar a leigeadh i n‑aisge leis ar dtúis é.
Peig.—Tháinig an sgeul ró obann ar Shéadna. Ní raibh uain aige cuimhneamh ar cad ba cheart dó a dheunamh, go mór mór nuair fheuch sé ar fhear na méaracán agus bhí seisean i bhfeidhil a ghnótha féin, gan suim ar bith aige i ngnó Shéadna. Is amhlaidh mar a bhí an sgeul ar ball aige, ní raibh sé ró dheimhnightheach gur bh’é an fear san do labhair i n‑aon chor.
Cáit.—Dómhaise, am briathar ’s ambasa gurab é a bhí agam féin d’á chuimhneamh, leis, go mb’fhéidir nár bh’é.
Peig.—Seadh, agus nach deas an obair a bheadh déanta ag Séadna, dá mbuaileadh sé an duine agus gan aon chúis aige air?
Cáit.—Ambasa is fíor dhuit.
Peig.—Abhfad ’na dhiaigh sin, nuair a bhíodh Séadna ar lorg an fhir, is amhlaidh a bhí sé ceapaithe, dá bhfeiceadh sé é, dul ar dtúis chun cainte leis, agus ansan, nuair a bhéadh sé déanta amach ó’n gcaint aige cia’cu b’é an [ 47 ]fear adubhairt an chaint úd é nó nár bh’é, bhéadh neart dó é bhualadh nó gan é bhualadh.
Nóra.—Agus dar nóin, a Pheig, ní bhéadh sé ceart aige é bhualadh, pé ’cu dubhairt sé an chaint nó ná dubhairt.
Peig.—Ambasa, a Nóra, ní’lim-se ’ghá rádh go mbéadh. Ach táim ’ghá rádh go raibh sé ceapaithe air, pé ’cu bhí sé ceart nó ná raibh. Ach ba mhar a chéile é, mar do theip air aon radharc dh’fhághail air amuich ’ná i mbaile. Ní bhfuair sé a thásg ná a thuairisg thíos ná thuas, agus fé dheire d’imthigh an sgéal as a cheann.
Nuair a bhí an dá fhéire bróg críochnuighthe aige, bíodh a’s ná raibh an luach púint de leathar ídighthe, d’imigh sé agus thug sé leis luach dhá phunt, agus ansan luach cheithre bpúnt. Ansan do thug sé leis beirt ghréasaidhthe eile ar a bpágh lae, agus fé cheann tamaill beirt eile. Ba ró ghearr go raibh a ainim i n‑áirde sa dúthaigh le feabhas agus le saoire a bhróg, agus is chuige a thagadh na ceardaidhthe dob’ fhearr, mar isé is fearr a chothuigheadh agus a dhíoladh iad. Is ag triall air a thagadh na daoine ba shaidhbhre agus dob’ uaisle, ag ceannach bhróg, mar is i n‑a bhrógaibh a bhíodh an mianach dob’ fhearr, agus is ortha bhíodh an déanamh ba dheise. Is ag triall air a thagadh na daoine bochta ná bíodh airgead na mbróg oireamhnach acu, mar do thugadh sé cáirde breagh fada dhóibh, agus nuair a thagadh an cáirde agus ná díoltí na fiacha, ní bhíodh sé dian san éileamh. Is minic a thagadh gréasaidhthe ag triall air ná bíodh airgead acu chun leathair a cheannach, agus go n‑iaraidís air raint airgid a thabhairt ar iasacht dóibh, ionus go mbéadh neart dóibh bheith ag obair agus ag tuilleamh ruda i n‑inead bheith sgurtha díomhaoin. Ní baoghal gur thug sé an t‑eiteachas d’aoinne acu riamh, agus is ’mó gréasaidhe bocht fé [ 48 ]mhuirear throm a bhéadh go minic gan biadh ag a chlainn ná muc sa dorus aige, mura mbéadh Séadna.
Ag dul go dtí Aifrean an Domhnaigh nó an lae shaoire dhó, nó ag dul ar aonach nó ar margadh ag díol bróg dó, is ’mó duine bhíodh ag teacht roimis ar an mbóthar agus ag glaodhach i leath-taobh air, ’ghá rádh, “Gaibh mo leath-sgeul, a Shéadna,—bhéadh an dá phúnt úd agam duit ach gur theip orm an mhuc a dhíol.” Nó, “Go deimhin, a Shéadhna, tá náire orm teacht chun cainte leat agus gan leath-phingin ded’ chuid airgid fós agam duit; ach do buaileadh mo mhac breóite, agus bhí sé lá agus fiche ina luíghe sul a bhfuair sé an t‑aoitheó, agus b’éigean dom beirt bhan fhriotháilte do choimeád ag tabhairt aireachais dó i gcaitheamh na h‑aimsire.”
Bhíodh gach aoinne mar sin agus a thruagh-bhéil féin aige, agus ní bhíodh d’ fhreagra ag Séadna dhóibh ach, “Ná bíodh ceist ort,” nó “Ní fiú biorán a’s é,” nó “Tóg t’aimsir”—agus geallaim dhuit gurab iad a thógadh.
Bhí aon fhear amháin gur thug Séadna an t‑eiteachas dó. Agus má ’seadh, isé cuma ’na dtáinig sé sin ’ná i gculaidh éadaigh uasail, agus é go leathan láidir deagh-shláinteach agus go breagh círíneach beathuighthe, agus a dhá láimh go breagh bog geal leabhair gan rian oibre ná gnótha ortha. Agus seo mar a labhair sé:—
“Go deimhin, a Shéadna,” ar seisean, “tá ceist agus ceann-fé orm é bhreith am’ bheathaidh orm go gcaithfinn teacht ag triall ort-sa ag lorg airgid ar iasacht. Ach do dhéanfadh ceud punt áise mhór anois dom, agus, do réir mar a airighim, ní dhéanfaidh sé ceataighe mór duit-se é thabhairt dom. Ní h‑é gach aon lá a thiocfaidh mo leithéid-se ’ghá iarraidh ort.”
[ 49 ]“Is oth liom ná fuil ceud púnt agam oireamhnach anois le tabhairt duit,” arsa Séadna.
Do stad an duine uasal agus d’fheuch sé ar Shéadna. Ní raibh aon choinne i n‑aon chor aige leis an bhfreagra san. D’fheuch sé ar Shéadna mar fheuchfadh sé ar ainimhíghe éigin neamh-choitchianta. D’fheuch Séadna go seasmhach idir an dá shúil air. Deirtí go raibh feuchaint ana choimhightheach ag Séadna nuair curtí fearg air, agus gur beag aoinne ná cúbadh roimpi. Do chúb an duine uasal úd roimpi. D’fheuch sé síos ar an dtalamh, agus ansan d’fheuch sé an dorus amach, agus ar ball d’fheuch sé ar Shéadna airís agus is amhlaidh a bhí Séadna ag gáirídhe uime.
“Ó,” ar seisean, “do dhéanfadh deich bpúint a’s dachad an gnó.”
“Is oth liom,” arsa Séadna, “ná fuil deich bpúint a’s dachad oireamhnach agam le tabhairt duit.”
Bhain san an mhórdháil ar fad dé.
“Tabhair dhom deich bpúint,” ar seisean.
“Ní bhfaighir,” arsa Séadna.
“Ní eiteóchthá mé ar aon phúnt amháin,” ar seisean.
“Ní’l sé le fághail agat,” arsa Séadna.
“Feuch, a Shéadna,” ar seisean, “tá a fhios ag an dtalamh nár itheas biadh agus nár ólas deoch ó mhaidin indé! Ba mhór an déirc dhuit rud éigin le n‑ithe a thabhairt dom.”
Tháinig an fheuchaint úd i súilibh Shéadna. Do shín sé a mheur chun an doruis.
“Tabhair do bhóthar ort,” ar seisean, “a chladhaire dhíomhaoin!”
Is beag ná gur léim sé an dorus amach.
Síle.—Agus cogar, a Pheig. Ní fheadar cad a chuir an droch fheuchaint sin i súilibh Shéadna. Dar ndóich, ní raibh sé mar sin i gcómhnuidhe.
[ 50 ]Peig.—Siné díreach a bhí ag cur iongnadh ar na cómharsanaibh go léir, a Shíle. Mhothuigheadar Séadna ag athrughadh go mór ’na mheón agus i n’aigne. Is anamh do labhradh sé ach nuair a labharthí leis, agus ní gháireadh sé choídhche nach mór. Do chuir sé uaidh ar fad an crónán. Níor chuimhin le daoinibh cathain airigheadar an “Chailleach Ruainneach” d’á cáineadh. Nuair a bhíodh sé ag obair i dteannta na bhfear ní raibh le clos uaidh ó mhaidin go h‑oídhche ach an anál fhada throm agus mion-bhuillí an chasúir bhig agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Cheapaidís na fir gur saint chun an airgid do bhí air, trá’s go mbíodh sé ag obair chómh dian. Agus ansan do bhíodh iongnadh ortha a rá go scaradh sé chómh bog leis, ’ghá thabhairt ar iasacht do dhaoinibh nach raibh breith acu ar é aisioc go bráth, agus ’ghá thabhairt dóibh gan uradh gan banna. Nuair nach labhradh seisean ní labhraidís féin, agus ní bhíodh le clos uatha ach an anál fhada throm agus mion-bhuillí na gcasúr mbeag agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Ba dhóil leat dá bhfeictheá iad, gur ag obair ar gheall a bhídís. Nuair a bhíodh daoine ag gabháil thar an dtigh do stadaidís ag éisteacht leis an saothar. Agus ansan nuair a ghluaisidís ortha, deiridís le n‑a chéile, “Is beag an iongnadh airgead ag Séadna! Ní fheacamar riamh ceardaidhthe ag obair chomh dian. Cothuighean sé go maith iad agus díolan sé go maith iad, ach má’seadh, bainean sé an obair asta, má baineadh asta riamh í.”
Idir cheardaidhthibh agus cómharsanaibh, do theip ortha glan dhá thaobh an sgéil a thabhairt d’á chéile, nó an cheist sin do réidhteach, .i. cad fé ndear do Shéadna bheith ag obair chómh dian chun airgid a dhéanamh, agus ansan ag sgaramhaint leis chómh bog?
Do lean an sgéal ar an gcuma san ar feadh trí [ 51 ]mbliaghan. Ansan, pé slígh i n‑ar chuaidh an ráfla amach, bhí sé leathta ar fuid na dúithe go raibh Séadna réidh chun a phósta. Bhí sé socair go raibh an cleamhnas déanta agus go raibh an lá ceapaithe. Bhíodar bacaigh agus lucht siúbhail na dúithe ’ghá n‑ollamhughadh féin ’na chóir. Bhí aon nídh amháin sa sgéal a bhí ait go leór. Ní raibh aon bheirt socair ar cé ’r bh’í an bhean. Bhí sé socair ag muintir na sráide gur bh’í inghean Dhiarmuda Léith í. D’ airigh Diarmuid féin an socarughadh chómh minic ar siúbhal gur chreid sé an uile fhocal dé, agus geallaim dhuit gurab é a bhí go sásta ’na aigne. Bhí a fhios aige Séadna bheith saidhbhir agus gan beann ar bith a bheith aige ar airgead, agus mar sin do cheap sé, nídh nár bh’ iongnadh, ná béadh aon trácht ar spré. Bhí aon nídh amháin ag déanamh buartha dhó. Bhí lá ceapaithe ag an bpoibilidheacht chun an phósta. Bhí an lá san i ngoireacht seachtmhaine dhó, agus níor tháinig Séadna fós chun aon chainte leis.
“Is dócha,” arsa Diarmuid i n‑a aigne féin, “go dtiocfadh sé, ach gan é bheith ar aigne aon spré do lorg le Sadhbh. Tá go maith. Bean bhreagh dhathamhail iseadh í. Cailín ciúin ciallmhar ach ná curfaí fearg uirthi. ‘Is fearr bean ’ná spré.’ Nach mór an chiall a bhí ag an t‑é adúbhairt é sin ar dtúis! Ní sháróchadh an saoghal an sean-fhocal.”
D’imthigh dhá lá eile agus ní raibh sgeul ná duain ó Shéadna. Bhí iongnadh mhór ar Dhiarmuid. Bhí iongnadh ba dhá mhó ’ná san ar Shadhbh.
“Imthigh suas,” ar sise le n‑a h‑athair, “agus labhair leis an bhfear san, ó tá sé de neamh-thuisgint air ná tiocfadh sé féin chun labhartha leat-sa—nó liom-sa.”
Do bhuail Diarmuid suas. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do thigh Shéadna, d’airigh sé an obair ar siúbhal chómh [ 52 ]dian agus dá mbéadh an saoghal i n‑easba bróg agus gan aoinne chun iad do dhéanamh ach Séadna agus a lucht oibre.
Bhuail sé chuca isteach.
“Bail ó Dhia oraibh anso!” ar seisean.
“Dia a’s Muire dhuit!” arsa Séadna.
“Mhaiseadh go deimhin féin, a Dhiarmuid,” arsa duine des na fearaibh, “is mithid duit é. Tá teinneas am’ shúilibh ó bheith ag strac-fheuchaint síos an cosán san le seachtmhain, ’ghá chuimhneamh ó am go h‑am go bhfeicfinn ag teacht thú.”
“Is greannmhar san de,” arsa Diarmuid, “agus teinneas am’ shúilibh-se agus am’ ghualainn ó bheith am’ sheasamh sa dorus agus mo ghuala leis an ursain, agus ná féadfadh priachán teacht árd an bhóthair anuas a gan fhios dom, agus gach aon fhear a thagadh am’ radharc go mbínn lán-deimhnightheach gur bh’é Séadna a bhíodh ann, go dtí go dtagadh sé i ngar dom.”
“Mise!” arsa Séadna.
“Tusa gan amhras!” arsa Diarmuid. “Nach shin é i mbeulaibh na dtrí bpobal é go bhfuilir féin agus Sadhbh so agam-sa le pósadh Dé Máirt seo chúgainn? Agus an dóil leat ná gur cheart dom bheith ag brath air go mbéadh raint éigin cainte eadrainn sul a dtiocfadh an Mháirt?”
“Tá dearmhad ort, a Dhiarmuid,” arsa duine des na fearaibh. “Ní le Sadhbh so agat-sa atá sé le pósadh, ach le Máire Ghearra, inghean Sheághain Cheataigh thiar, agus d’á chómhartha san féin, tá Seághan imthighthe go Corcaigh a d’iaraidh lóin bídh agus díghe chun na cóisreach, agus ní deirim ná go bhfuil cuireadh fághalta ag á ghaoltaibh i gcóir na Máirte.”
“Tá dearmhad ort-sa, a Mhicil,” arsa fear eile. [ 53 ]“Ní le Máire Ghearra atá sé le pósadh, ach le Báb an Leasa anso thíos. Táid táilliúirí agus mná fuaghála ag obair ann le trí lá, agus ag gabháil aníos dom ar maidin indiu do chonac bacaigh ag bailiughadh ann cheana féin.”
“An bhfeacaidh aoinne riamh bhúr leithéidí?” arsa ’n ceathramhadh fear. “An rabhais ag an Aifrean Dé Domhnaigh a Mhicil? Dá mbéidhfeá ba dheacair duit gan an sgeul a chloisint a bhí i mbeul an uile dhuine. ’Sé sin go mbéidh Séadna d’á phósadh Dé Máirt seo chúgainn le Nóra an Tóchair. Agus is ann a bhí na bacaigh ag dul, agus ní go dtí an Lios. Cuirfead geall go ndéarfaidh Séadna féin go bhfuil an ceart agam-sa.”
D’fheuch Séadna ó dhuine go duine acu. Bhí an droch fheuchaint agus an droch sheasamh ’na shúilibh. Bhí fearg air, ach do bhrúigh sé fé í.
“Imthigh ort abhaile, a Dhiarmuid,” ar seisean, “agus bíodh ciall agat. Ní’l aon fhonn pósta orm-sa, agus ní deirim go mbéidh go fóil.”
Chrom sé a cheann agus dhírigh sé ar obair. Níor labhradh aon fhocal eile. Do shleamhnuigh Diarmuid amach, agus isé bhí go leamh de féin.
Tháinig sé abhaile.
“Seadh!” arsa Sadhbh.
“Seadh go díreach!” arsa Diarmuid.
“Cad é an sgeul é?” arsa Sadhbh.
“Tá sgeul ait,” arsa Diarmuid. “Béidh an dúthaigh go ceann seacht mbliaghan ó indiu ag steala-mhagadh fé bheirt againn, fút-sa agus fúm-sa.”
“Conus é sin, airiú?” arsa Sadhbh.
“É bheith tuillte againn,” arsa Diarmuid. Agus do theip uirthi a thuille cainte a bhaint as.