Tzipi Livni
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (he) ציפי לבני |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 8 Iúil 1958 65 bliana d'aois Tel Aviv, Iosrael ![]() |
Ball den Knesset | |
1 Eanáir 2019 – 30 Aibreán 2019 Téarma parlaiminte: 20th Knesset (en) ![]() | |
Leader of the Opposition (en) ![]() | |
1 Lúnasa 2018 – 1 Eanáir 2019 ← Isaac Herzog – Shelly Yachimovich → Téarma parlaiminte: 20th Knesset (en) ![]() | |
Ball den Knesset | |
31 Márta 2015 – 1 Eanáir 2019 Téarma parlaiminte: 20th Knesset (en) ![]() | |
Justice Minister of Israel (en) ![]() | |
18 Márta 2013 – 4 Nollaig 2014 ← Yaakov Neeman | |
Ball den Knesset | |
5 Feabhra 2013 – 31 Márta 2015 Téarma parlaiminte: 19th Knesset (en) ![]() | |
Ball den Knesset | |
24 Feabhra 2009 – 3 Bealtaine 2012 – Yuval Zellner → Téarma parlaiminte: 18th Knesset (en) ![]() | |
Justice Minister of Israel (en) ![]() | |
29 Samhain 2006 – 7 Feabhra 2007 ← Meir Sheetrit – Daniel Friedmann → | |
Ball den Knesset | |
17 Aibreán 2006 – 24 Feabhra 2009 Téarma parlaiminte: list of members of the seventeenth Knesset (en) ![]() | |
Minister of Foreign Affairs, Israel (en) ![]() | |
18 Eanáir 2006 – 1 Aibreán 2009 ← Silvan Shalom – Avigdor Lieberman → | |
Ball den Knesset | |
23 Samhain 2005 – 17 Aibreán 2006 Téarma parlaiminte: list of members of the sixteenth Knesset (en) ![]() | |
Justice Minister of Israel (en) ![]() | |
5 Nollaig 2004 – 4 Bealtaine 2006 ← Tommy Lapid – Haim Ramon → | |
Minister of Construction (en) ![]() | |
4 Meitheamh 2004 – 10 Eanáir 2005 ← Effi Eitam – Isaac Herzog → | |
Minister of Immigrant Absorption (en) ![]() | |
28 Feabhra 2003 – 4 Bealtaine 2006 ← Airiél Searón – Ze'ev Boim → | |
Ball den Knesset | |
17 Feabhra 2003 – 23 Samhain 2005 Téarma parlaiminte: list of members of the sixteenth Knesset (en) ![]() | |
Minister of Agriculture and Rural Development (en) ![]() | |
17 Nollaig 2002 – 28 Feabhra 2003 ← Shalom Simhon – Israel Katz → | |
Minister without portfolio (en) ![]() | |
29 Lúnasa 2001 – 17 Nollaig 2002 | |
Ball den Knesset | |
7 Meitheamh 1999 – 17 Feabhra 2003 Téarma parlaiminte: list of members of the fifteenth Knesset (en) ![]() | |
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | |
![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Giúdachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Bar-Ilan Ardscoil Ironi Alef ![]() |
Áit chónaithe | Tel Aviv |
Teanga dhúchais | an Eabhrais |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Iarúsailéim Ollscoil Tel Aviv ![]() |
Gairm | polaiteoir, abhcóide, príomhoifigeach feidhmiúcháin, taidhleoir, dlíodóir, spiaire ![]() |
Fostóir | Mossad (en) ![]() ![]() |
Ball de pháirtí polaitíochta | Hatnuah Kadima Likud An tAontas Síónach ![]() |
Teangacha | Béarla, an Fhraincis agus an Eabhrais |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Fórsaí Cosanta Iosrael |
Céim mhíleata | senior lieutenant (en) ![]() ![]() |
Spórt | cispheil ![]() |
Ghlac sé/sí páirt i | |
22 Eanáir 2019 | Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2019 |
21 Eanáir 2015 | Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2015 |
22 Eanáir 2014 | Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2014 ![]() |
Teaghlach | |
Athair | Eitan Livni agus Sara Livni |
Suíomh gréasáin | tzipilivni.co.il ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Polaiteoir, dlíodóir agus iar-aire gnóthaí eachtracha Iosrael is ea Tziporah Malka "Tzipi" Livni (Eabhrais: ציפורה מלכה "ציפי" לבני; IPA: tsipoˈʁa malˈka ˈtsipi ˈlivni) a rugadh in Tel Aviv ar 8 Iúil 1958.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/b/bd/Tzipi_Livni.jpg)
Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí a hathair agus a máthair ina n-oifigigh san Irgun (grúpa paraimíleata a raibh baint aige leis an Síónachas Athbhreithnitheach idir 1931 agus 1948).[1] Mar sin ba de chúlra an-náisiúnach í.
Tar éis di a bheith i bhFórsaí Cosanta Iosrael agus Mossad, chríochnaigh sí a céim sa dlí in Ollscoil Bar-Ilan. Bhí sí ag dlíodóireacht ó lár na 1980idí go dtí lár na 1990idí, go háirithe sa dlí poiblí, sa dlí tráchtála agus sa dlí réadmhaoine.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/70/Tzipi_livni_-_Kadima_event_2.jpg/220px-Tzipi_livni_-_Kadima_event_2.jpg)
Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí sí ina POF ar Údarás na gCuideachtaí Rialtais ó 1996 go 1999, tráth a raibh a lán fiontar a bhí faoi úinéireacht an stáit á bpríobháidiú. Toghadh mar bhall an Knesset sa bhliain 1999 í (ar liosta Likud).
Seachas tréimhse ghearr sa bhliain 2012, bhí sí sa Knesset ó 1999 go dtí 2020 (Likud 1999-2005; Kadima 2005-12; Hatnuah 2012-15; An tAontas Síónach 2015-19; agus Hatnuah arís sa bhliain 2019). Bhí sí i gcoimhlint le Benjamin Netanyahu agus an Páirtí Likud ó 2005 ar aghaidh. Bhunaigh sí an páirtí Hatnuah sa bhliain 2013, a tháinig le chéile le daoine as páirtithe eile sa bhliain 2015 leis an Aontas Síónach a chur ar bun.
- Bhí Tzipi Livni i gcomh-aireacht Iosrael faoi ocht.
- Bhí sí ina hAire Dlí agus Cirt faoi dhó (2006-2007 agus 2013-14)
- Bhí sí ina Ceannaire ar an bhFreasúra ó 2009 go 2012.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/68/Tzipi_Livni_%2838130112%29.jpg/220px-Tzipi_Livni_%2838130112%29.jpg)
Theip uirthi agus í i measc dream a bhí ag iarracht Bundlíthe Iosrael a dhaingniú, in aghaidh aisghairm nó leasú a dhéanfadh tromlach simplí sa Knesset. Theip uirthi chomh maith nuair a chuir sí An tOllamh Ruth Gavison chun cinn maidir le ceapachán do Chúirt Uachtarach Iosrael. D'éirigh le moladh a rinne sí agus í ina hAire Dlí agus Cirt den chéad uair nuair a cuireadh atheagar ar phianbhreitheanna, tráth a raibh sí ina hAire Gnóthaí Eachtracha.
Gnóthaí eachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí ina hAire Gnóthaí Eachtracha idir 2006 agus 2009. Tá sí i bhfabhar réiteach an dá stát.
Taobh amuigh d'Iosrael, is dócha gur fearr aithne uirthi as an tacaíocht a thug sí dá meantóir Ariel Sharon nuair a bhí Iosrael ag tarraingt siar as Gaza agus don réiteach dhá stát le haghaidh an achrainn idir Iosrael agus an Phalaistín.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/7f/Herzliya_Conference_2016_3037.jpg/220px-Herzliya_Conference_2016_3037.jpg)
Cuireadh aiféaltas ar Rialtas na Breataine agus spreagadh díospóireacht nua maidir le dlínse uilíoch ar choireanna cogaidh nuair a d'eisigh giúistís i Westminster (de réir tuairiscí) barántas gabhála do Livni (a tarraingíodh siar ina dhiaidh sin), maidir leis an bpáirt a bhí aici in Oibríocht Luaidhe Theilgthe (ionradh de chuid Iosrael ar Stráice Gaza i mí na Nollag 2008 agus mí Eanáir 2009.)
"Ar scor"[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'éirigh sí as an bpolaitíocht sa bhliain 2019.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-09.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |