Cathair i dtuaisceart Indiana, sna Stáit Aontaithe, is ea South Bend. Tá sé suite ar an Abhainn St. Joseph ar an lúb is faide ó dheas den abhainn agus as sin a thagann "South Bend". Príomhchathair riaracháin Chontae St. Joseph atá ann. Is é South Bend an 4ú cathair is mó in Indiana agus lár trádála agus cultúir thuaisceart an stáit. Sa bhliain 2010, bhí 101,168 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 318,586 duine má chuirtear na ceantracha máguaird san áireamh.
Trádálaithe fionnaidh na chéad Eorpaigh a tháinig chuig an áit, iad ag baint úsáid as an abhainn lena gcuid gnó a chur i bhfeidhm. Bunaíodh Ollscoil Notre Dame lámh leis an áit sa bhliain 1842. Rinneadh cathair den bhaile sa bhliain 1865. Cathair thionsclaíoch a bhí ann; an Studebaker Corp. an tionscal ba mhó i South Bend. Sa bhliain 1960 bhí 132,445 duine ina gcónaí ann. Thosaigh meath ag teacht ar thionscail na cathrach, áfach, mar a tharla ina lán de chathracha na tíre, san Midwest go háirithe. Is iad seirbhísí sláinte agus oideachas na hearnálacha is mó i ngeilleagar na cathrach inniu.