Jump to content

Sean Hales

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSean Hales
Beathaisnéis
Breith30 Márta 1880
Baile na Daibhche Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Nollaig 1922
42 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
9 Meán Fómhair 1922 – 7 Nollaig 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 3ú Dáil


Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil


Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Téachta Dála agus briogáidire-ghinearál ab ea Seán Hales, a bhí (30 Márta 1880 - 7 Nollaig 1922). Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus i bhfabhar an Chonartha .

As Baile na Daibhche i gContae Chorcaí dó, bhí seisean agus a deartháireacha Tom, Dónal agus Robert gníomhach in Óglaigh na hÉireann le linn Chogadh na Saoirse.

Mharaigh Óglaigh frith-Chonartha Hales, de thaisme, ar Ché Urumhan i mBaile Átha Cliath. Bhí siad ag iarraidh Pádraic Ó Máille, TD, a mharú. Gortaíodh Ó Máille ach thiomáin sé Hales chun an ospidéil.[1]

Bhain an rialtas díoltas amach go díreach. Ar 8 Nollaig 1922, cuireadh ceathrar Poblachtánach, duine ó gach cúige, chun báis. Lámhachadh Liam Ó Maoilíosa, Ruairí Ó Conchúir (an-mhór le Kevin O'Higgens, an tAire Dlí agus Cirt, a shínigh an t-ordú[2]), Seosamh Mac Calbhaigh agus Risteard Bairéid (an mhór le Hales),[3][4] mar bheart díoltais. Básuithe neamhdhlíthiúla amach is amach a bhí ann. Bhain na heachtraí seo an anáil de mhuintir na hÉireann.[5][6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Ó MÁILLE, Pádraig (c.1878–1946)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-12-07.
  2. Bhí Ó Conchúir ina vaidhtéir ag a bhainis ǃ
  3. Review: Ryle Dwyer (2016-10-09). "FIRST THOUGHTS: Family that symbolised Civil War division" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-12-07.
  4. Físeán le British Pathé : aifreann éagnairce Hales agus portráid Higgins, srl. "The Late Brigadier Sean Hales" (en-GB). www.britishpathe.com. Dáta rochtana: 2022-12-07.
  5. Houses of the Oireachtas (1922-01-07). "DEBATE ON TREATY – Dáil Éireann (2nd Dáil) – Saturday, 7 Jan 1922 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-12-07.
  6. "Seán Hales killed en route to Dáil as attacks on politicians’ homes increase | Century Ireland". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2022-12-07.