S. Albert Kivinen
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 19 Deireadh Fómhair 1933 |
Bás | 13 Lúnasa 2021 87 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | fealsamh, docent |
Fealsamh agus scríbhneoir Fionlannach ab ea Seppo Albert Kivinen (19 Deireadh Fómhair 1933 - 13 Lúnasa 2021). Rugadh in Ikaalinen sa bhliain 1933, ar 19ú lá de mhí Dheireadh Fómhair, é. Bhain sé amach dochtúireacht na fealsúnachta teoiriciúla in Ollscoil Heilsincí, áit a raibh sé ina léachtóir ina dhiaidh sin. Rinne sé taighde ar cheisteanna na honteolaíochta, go háirithe ar fhadhb na n-uilithe. Bhí cáil air freisin mar shaineolaí ar stair an diamhrachais agus na hasarlaíochta, agus é ina bhall ghníomhach de ghluaiseacht an sceipteachais san Fhionlainn.
Scríobh sé gearrscéalta i stíl H. P. Lovecraft, agus thiar sna hochtóidí, b'eisean, thar aon duine, a chuir saothar Lovecraft in aithne do na léitheoirí Fionlannacha. Bhí imeachtaí a chuid scéalta suite san Fhionlainn, agus greann deas ciúin ag baint leo nach bhfeicfeá a leithéid i scéalta Lovecraft féin. Sa bhliain 1988, bronnadh Duais Atorox air as an ngearrscéal úd Keskiyön Mato Ikaalisissa ("Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen"), inar shuigh Kivinen arrachtach de chuid Lovecraft i dtimpeallacht a chéad óige féin.
Nasc seachtrach
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Péist an Mheán-Oíche in Ikaalinen - Leagan Gaeilge den ghearrscéal is fearr a tháinig ó pheann Kivinen.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
[[Catagóir:Básanna in 2021]