Jump to content

REIC

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtREIC
Cineálimeacht féiltiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2015 - 
Bunaitheoir(í)Ciara Ní É Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraslamfhilíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: reic Instagram: reic_spokenword Youtube: UCUcX_R4V4DHPnEs9hSVjxOA Cuir in eagar ar Wikidata


Oíche mhíosúil filíochta ó bhéal is ea REIC a chuir an file Ciara Ní Éanacháin ar bun sa bhliain 2015. Oíche ilteangach a bhíonn i gceist ach is iad an Ghaeilge agus an Béarla is mó a bhíonn le cloisteáil ag an ócáid. Tugann REIC deis do lucht na bhfocal "a racht a scaoileadh nó a scéal a insint le slua cairdiúil fáiltiúil".[1]

I mBaile Átha Cliath den chuid is mó a chuirtear an ócáid ar siúl ach tá REIC tar éis oícheanta a chur ar siúl i mBéal Feirste, i nDoire, i nGaillimh, agus in áiteanna nach iad.

Ba é GaelGÁIRÍ, oíche fhuirseoireachta Ghaeilge, a spreag Ní Éanacháin leis an ócáid a chur ar bun sa bhliain 2015.[2] Cloistear "filíocht ó bhéal, rap, amhránaíocht, scéalaíocht agus neart eile" ag na himeachtaí ilghnéitheacha neamhfhoirmeálta seo.[1]

Micreafón agus an cúlra neamhshoiléir
Is minic a bhíonn maidhc oscailte mar chuid den oíche

Léirmheasanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an méid seo le rá ag an bhfile Doireann Ní Ghríofa i dtaobh REIC: "I leith litríocht ó bhéal, feictear dom go bhfuil éacht déanta ag Ciara Ní É le daoine óga a mhealladh chun na filíochta le Reic [...]"[3]

Is mar seo a chuir Aonghus Ó hAlmhain síos ar cheann de na hócáidí luatha in Áras na Scríbhneoirí[4]:

Bhí Áras na Scríbhneoirí ar crith is ag borradh leis an bhfuinneamh a fáisceadh as an bhfocal beo i gcanúintí Gaeilge agus Béarla na tíre. Filíocht ag tarraingt as Grá agus Gruaim, stair agus dóchas an chine dhaonna, filíocht na freacnairce ach í fréamhaithe sa taithí uilíoch.

B’ardú croí dom an ócáid agus tuar dóchais. Tuar dóchais toisc gur léir go bhfuil daoine inár measc i gcónaí a bhfuil máistreacht acu ar ár dteangacha, agus iad ag fuineadh filíochta agus á reic i bhfoirmeacha na linne ach gan oiread is fridín den chúl le cine ná den sodar i ndiaidh na n-uasal eachtrannach ag baint leo. Le bheith ionraic, ardú meanman is údar dóchais a bhí ann cionn is gur slua óg a bhí i láthair – ní baol don éigse agus glúin úr ag déanamh a gcuid féin di.

Nuálaíochtaí i bhfilíocht na Gaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na nuálaíochtaí atá REIC tar éis a aistriú isteach i bhfilíocht na Gaeilge ó shaol an Bhéarla tá filíocht na ngearrthóg[5].

Ba iad Ní Éanacháin agus Eoin P. Ó Murchú a chuir tús leis an gcomhrá #mall8[6] ar Twitter ina ndearnadh mallachtaí nua Gaeilge a chumadh a raibh baint acu leis an teicneolaíocht agus an saol nua-aimseartha.

Rannpháirtithe aitheanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cúlshráid chathrach
Is iomaí uair ar cuireadh REIC ar siúl in aice Mhargadh na Feirme, BÁC
Dáta Ócáid Suíomh Cathair/Contae
20-06-2024 REIC an Ghrianstad le Megan Nic Ruairí Club Chonradh na Gaeilge Baile Átha Cliath
12-05-2024 REIC Clarkes, Baile Phib Baile Átha Cliath
09-05-2024 REIC le Ciara Ní É, Séamus Barra Ó Súilleabháin, agus Amano The Clock House, Maigh Nuad Cill Dara
... [sonraí le teacht] ... ...
30-03-2017 REIC - Doire Sandinos Bar Doire
02-03-2017 REIC The Generator Hostel Baile Átha Cliath
02-02-2017 REIC The Generator Hostel Baile Átha Cliath
17-11-2016 REIC Club Chonradh na Gaeilge Baile Átha Cliath
12-10-2016 Víreas is ea teanga: Language is a virus Áras na Scríbhneoirí Baile Átha Cliath
29-09-2016 REIC - Béal Feirste The Crescent Arts Centre Béal Feirste
03-09-2016 EREICtric Picnic Electric Picnic Laois
15-07-2016 REIC - Gaillimh Club Áras na nGael Gaillimh
28-04-2016 REIC SCÉAL! The Generator Hostel Baile Átha Cliath
10-03-2016 REIC - BYOB Bilingual Spoken Word Night Áras na Scríbhneoirí Baile Átha Cliath
10-12-2015 REIC na Nollag The Generator Hostel Baile Átha Cliath
17-07-2015 REIC le Séamus Barra Ó Súilleabháin agus John Cummins The Generator Hostel Baile Átha Cliath
14-05-2015 REIC le Rónán Ó Snodaigh The Generator Hostel Baile Átha Cliath
19-03-2015 REIC - BYOB Bilingual Spoken Word Áras na Scríbhneoirí Baile Átha Cliath

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "Come help us REIC the Club". RTÉ (19 Meitheamh 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 25 Meitheamh 2024.
  2. Ní Éanacháin, C. (2017). Agallamh ar Random Acts as Gaeilge. RTÉ, 16 Márta 2017. Ar fáil ar YouTube ag https://www.youtube.com/watch?v=l5tZPIhtcOY
  3. Ní Ghríofa, D. in Ní Dhuinn, S. (2017). 'As an Nua Interviews: Doireann Ní Ghríofa'. As an Nua (blag), 23 Eanáir. Ar fáil ag http://www.asannua.com/as-an-nua-interviews-doireann-ni-ghriofa/ (Faighte 9 Aibreán 2017).
  4. Ó hAlmhain, A. (2015). 'Dea-scéala le REIC ó Áras na Scríbhneoirí'. Tuairisc.ie, 23 Márta. Ar fáil ag http://tuairisc.ie/dea-sceal-le-reic-o-aras-na-scribhneoiri/ (Faighte 6 Aibreán 2017).
  5. Ní Éanacháin, C. (2016). 'Gearrthóga Gaeilge á gCruthú Amárach san Ardchathair'. NÓSmag, 11 Deireadh Fómhair. Ar fáil ag: http://nos.ie/cultur/gearrthoga-gaeilge/ (Faighte 7 Aibreán 2017).
  6. Ní Éanacháin, C. (2017). 'Spraoi le Mallachtaí!' Mise Ciara. 11 Feabhra. Ar fáil ag: https://miseciara.wordpress.com/2017/02/11/spraoi-le-mallachtai/