Jump to content

Paddy Mayne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPaddy Mayne

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Eanáir 1915
Baile Nua na hArda, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Nollaig 1955
40 bliana d'aois
Baile Nua na hArda, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisImbhualadh tráchta
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Regent House Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir, saighdiúir, imreoir rugbaí, dornálaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1939 –
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Céim mhíleataleifteanantchoirnéal Cuir in eagar ar Wikidata
I gceannas arAn Aersheirbhís Speisialta
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Spórtdornálaíocht
rugbaí aontais Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtNascaire
Conair
  Foireann Comórtas
- Queen's University RFC (en) Aistrigh
-  Rugbaí na nUladh
1937-1939  Foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann (6) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Leifteanantchoirnéal san arm de chuid na Breataine, aturnae agus imreoir rugbaí, as Baile Nua na hArda, ab ea Robert Blair "Paddy" Mayne, OSD (3 Bharra), a rugadh ar 11 Eanáir 1915 agus a fuair bás 14 Nollaig 1956.[1] Fear meáite a bhí ann, lán d'aer an tsaoil, ach bhí taobh dorcha ann mar dhuine.

Mayne agus na Royal Ulster Rifles

Rugadh Mayne i mBaile Nua na hArda, Contae an Dúin ar 11 Eanáir 1915. Céimí sa dlí de chuid Ollscoil na Banríona, Béal Feirste a cháiligh mar aturnae, bhí aithne mhaith air agus é ina mhac léinn mar fhear spóirt ildánach, ag amanna éagsúla ag dornálaíocht agus ag imirt gailf nó rugbaí. D'imir sé cúpla babhta d'Éirinn le linn na dtríochaidí agus ghlac sé páirt i gCamchuairt Leoin na Breataine go dtí an Afraic Theas sa bhliain 1938.

Dealbh i cCearnóg Conway, Baile Nua na hArda

Na saighdiúirí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó coimisiún cúltaca a fháil san Airtléire Ríoga, sular bhris an Dara Cogadh Domhanda amach, bhí sé ina oifigeach in aonaid fhrith-aerárthaí i dTuaisceart Éireann, sular thairg sé é féin le haghaidh seirbhís mar chománlach.

uaigh

Ba é an pháirt a ghlac sé in ionsaí na gComhghuaillithe ar an Liobáin (a bhí faoi riail Vichy) i mí an Mheithimh 1941 a tharraing aird An Chaptaein David Stirling ar Mayne, ar rinneadh duine de bhunaitheoirí na hAersheirbhíse Speisialta (SAS) de. Rinne sé seirbhís san SAS go calma an chuid eile den chogadh.

Bronnadh Ord na Seirbhíse Dearscna le trí bharra, agus an Légion d'Honneur, Croix de Guerre, air. Tá go leor conspóide ann fós toisc nár bronnadh Cros Victoria air.

Tar éis seal gearr le Suirbhéireacht Antartach na Breataine, d'fhill Mayne ar ais go Baile Nua na hArda, a bhaile dúchais, chun an dlíodóireacht a atosú.

I mí Aibreáin 1946 rinneadh Rúnaí Dhlí-Chumann Corpraithe Thuaisceart Éireann de, post a choimeád sé an chuid eile dá shaol.

Ba alcólach déanta é. Ar meisce ar 14 Nollaig 1956, bhásaigh Mayne i dtimpiste bhóthair i mBaile Nua na hArda.[2]

Máisiún ba ea Mayne agus tá nóta beathaisnéise mionsonraithe maidir le Mayne ar an suíomh gréasáin Stair Mháisiúin na hÉireann agus Seoda an Mháisiúnachais Éireannaigh.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "Lt Col. Robert Blair 'Paddy' Mayne DSO Freemason". Irish Masonic History and the Jewels of Irish Freemasonry. Dáta rochtana: 2021-12-14.
  2. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Paddy Mayne". Dáta rochtana: 2021.