Hormón a dhíorthaítear ó shéireatoinin, taobh istigh den fhaireog phinéalach den chuid is mó. Ní heol cén fheidhm atá aige. Iomlaoidíonn a thál ón bhfaireog is a thiúchan sa bhfuil, iad araon ar uasmhéid le linn an dorchadais. Is féidir go bhfuil baint aici le sioncrónú rithimí laethúla i ndaoine.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.