Ionsaithe ar Mumbai, 2008
| |||||
Cineál | coordinated terrorist attack (en) ![]() ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | sceimhlitheoireacht san India ![]() | ||||
Tréimhse | 26 - 29 Samhain 2008 | ||||
Dáta na bliana | 26 Samhain 2008 ![]() | ||||
Suíomh | Mumbai, An India ![]() | ||||
Tír | an India ![]() | ||||
Rannpháirtí | |||||
Sprioc | Leopold Cafe, Chhatrapati Shivaji Maharaj Terminus (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() | ||||
Líon básanna | 241 ![]() | ||||
Líon gortaithe | 308 ![]() | ||||
Arm | AK-47 cyclonite (en) ![]() AK-74 (en) ![]() Gránáid ![]() | ||||
Codanna | |||||
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4f/Mumbai_attacks_vinu_image01-crop.jpg/220px-Mumbai_attacks_vinu_image01-crop.jpg)
Ar an 26 Samhain 2008 thug deichniúr sceimhlitheoirí Pacastánacha ruathar faoi dheich láthair dhifriúla ar fud chathair Mumbai san India. Maraíodh tuairim is 175 duine i rith an tsléachta.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/48/3_December_2008_Gateway_protest_march_4.jpg/220px-3_December_2008_Gateway_protest_march_4.jpg)
Maraíodh tuairim is 31 duine acu sin sa Taj Mahal Palace agus sa Tower Hotel fad is a bhí an t-óstán faoi léigear ar feadh tréimhse ceithre lá.[1] Ní raibh fórsaí slándála na cathrach inniúil ar ionsaithe den saghas seo a smachtú. Bhí orthu fanacht go dtiocfadh fórsaí ó New Delhi i gcabhair orthu. Bhí lucht an óstáin fágtha ar a gconlán féin le linn an ama seo. Bhí dhá aicme go hiomlán difriúil le fáil sna hóstáin galánta ...na déithe beaga agus peataí turasóirí as an Iarthar a bhí ina n-aíonna ann agus an chosmhuintir a bhí ag lútáil orthu.
Míleataigh armtha - nó sceimhlitheoirí Ioslamacha - de chuid an Lashkar-e-Taiba sa Phacastáin a rinne na hionsaithe. Shéan Rialtas na Pacastáine go raibh aon chomhpháirt aige sna ruathair.
Faisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Craoladh clár faisnéise Surviving Mumbai in 2009.
Tháinig scannán aicsin amach in 2019, Hotel Mumbai.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Breandán M Mac Gearailt (7 Deireadh Fómhair 2019). "LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Blas míchuí na heachtraíochta ar Hotel Mumbai" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-26.
![]() | Is síol faoin India é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |