Henry Cavendish
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Deireadh Fómhair 1731 Nice, An Fhrainc |
Bás | 24 Feabhra 1810 78 bliana d'aois Londain, England |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Peterhouse, Cambridge Ollscoil Cambridge Newcome's School (en) |
Áit chónaithe | an Ríocht Aontaithe |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fisic agus ceimic |
Gairm | ceimiceoir, fisiceoir, matamaiticeoir |
Fostóir | an Ríocht Aontaithe |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | Charles Cavendish agus An Bhantiarna Ann Grey |
Siblín | Frederick Cavendish |
Gradam a fuarthas | |
Fealsamh agus eolaí nádúrtha Sasanach ab ea Henry Cavendish FRS (10 Deireadh Fómhair 1731 – 24 Feabhra 1810) a bhí ina cheimiceoir agus ina fhisiceoir tábhachtach turgnamhach agus teoiriciúil. Bhain sé cáil amach as hidrigin a fhionnadh. Tugtar faoi deara é mar tháinig sé ar an dúil cheimiceach hidrigin, a thug sé inflammable air (Gaeilge: "aer inlasta") air.[1] Rinne sé cur síos ar dhlús an aeir inlasta, a chruthaigh uisce ar dhó, i bpáipéar 1766, "On Factitious Airs". D'athchruthaigh Antoine Lavoisier turgnamh Cavendish ina dhiaidh sin, agus roghnaigh sé an téarma 'Hidrigin' don dúil.
Ina fhear cúthail, ba dhuine mór le rá é bhí Cavendish ina dhaoine mór le haghaidh cruinnis agus beachtais iontach ina chuid taighde ar chomhdhéanamh an aeir atmaisféaraigh, airíonna na ngás éagsúil, sintéis an uisce, an dlí a rialaíonn aomachán agus éaradh leictreach, teoiric meicniúil teasa, agus áirimh dhlús (agus dá bhrí sin an mhais) an Domhain. Tá a thurgnamh chun dlús an Domhain a thomhas (a cheadaíonn, ar a seal, tairiseach na himtharraingthe a ríomh) ar a dtabharfar anois 'Turgnamh Cavendish'.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Cavendish ar an 10 Deireadh Fómhair 1731 i Nice, áit a raibh a chlann ina gcónaí ag an am.[2] Ba í an Bhantiarna Anne de Grey, ceathrú iníon Henry Grey, 1ú Diúc Kent, a mháthair agus ba é an Tiarna Charles Cavendish, an tríú mac ag William Cavendish, 2ú Diúc Devonshire, a athair.[2] Rianaigh an teaghlach géad a ginealaigh trasna ocht gcéad bliain go dtí aimsir na Normannach, agus bhí dlúthcheangal aige le go leor teaghlach uasaicmeach de chuid na Breataine Móire. Fuair máthair Henry bás sa bhliain 1733, trí mhí tar éis bhreith a dara mac, Frederick, agus go gairid roimh dara breithlá Henry, rud a d'fhág go raibh ar Charles Cavendish a bheirt mhac a thógáil.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Cavendish, Henry (1766). "Three Papers Containing Experiments on Factitious Air, by the Hon. Henry Cavendish". Philosophical Transactions of the Royal Society 56: 141–184. The University Press. doi: . Bibcode: 1766RSPT...56..141C.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |