Frances Haugen
(2024) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1983 ↔ 1984 34/44 bliana d'aois Iowa City, Iowa |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Franklin W. Olin College of Engineering (en) (–2006) Scoil Ghnó Harvard (–2011) Iowa City West High School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | eolaí sonraí, bainisteoir táirgí, innealtóir sonraí, sceithire |
Fostóir | Facebook (2019–2021) Yelp Cuardach Google |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | franceshaugen.com |
Is innealtóir sonraí agus eolaí Meiriceánach, bainisteoir táirge, agus sceithire í Frances Haugen (a rugadh i 1983/84). Nocht sí na mílte doiciméid inmheánacha de chuid Facebook don Choimisiún um Urrúis agus Malartú agus don Wall Street Journal i 2021.
Cáineadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhág Frances Haugen an post a bhí aici le Facebook anuraidh mar gheall a dúirt sí go raibh an chuideachta sin ag déanamh dochair do ghasúir, ag saighdeadh foréigean ciníoch agus ag baint an bhonn ón daonlathas. Deir sí gur brabach an dia beag atá ag Facebook, gan aird acu ar shábháilteacht an phobail.[1]
Luathshaol agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh í i gCathair Iowa, Iowa, áit ar fhreastail sí ar Horn Elementary agus Northwest Junior High School, agus bhain sí céim amach ó Iowa City West High School i 2002. Ba dhochtúir í a hathair, agus rinneadh sagart Easpagóideach dá máthair tar éis gairme acadúil.
Rinne Haugen staidéar ar innealtóireacht leictreach agus ríomhaireachta sa rang bunaithe i gColáiste Innealtóireachta Franklin W. Olin agus bhain sí céim amach i 2006.[2] Ina dhiaidh sin ghnóthaigh sí Máistir Riarachán Gnó ó Scoil Ghnó Harvard in 2011.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2022-02-23). "Athbhreithniú de dhíth ar chosaint sonraí – sceithire Facebook" (as ga-IE).
- ↑ Alumni Create Angel Investment Group to Fund Olin Grads' Startups. https://www.olin.edu/news-events/2017/alumni-create-angel-investment-group-fund-olin-grads%E2%80%99-startups/ Curtha i gcartlann 2021-10-05 ar an Wayback Machine