Jump to content

Fáelán mac Forbasaig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFáelán mac Forbasaig
Beathaisnéis
Bás786
Osraí
772 – 786 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairForbasach mac Ailella

Rí na nOsraí de rítheaghlach Dhál Bhirn ba ea Faolán mac Forbasaigh (Sean-Ghaeilge Fáelán mac Forbasaig) (bás 786). Forbasach mac Ailealla (bás 740), iar-rí, ba ea a athair. Tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht ar Dhúngal mac Cellaig, agus bhí sé i réim ón mbliain 772 go dtí 786.

Tharla cath cathartha i nOsraí tar éis bhás Anmchadh mac Con Cherca c. 761. Sa bhliain 786, tuairiscítear sna hannála gur maraíodh Faolán de bharr an achrainn seo.[1] Tháinig Máel Dúin mac Cummascaig agus Fergal mac Anmchada i gcomharbacht air.

  1. Annála Uladh, AU 786.4

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teimpléad:Ireland-royal-stub