Cultúr
Is éard atá i gceist le cultúr ná coincheap a bhaineann le hiompar sóisialta, institiúidí, agus noirm a mbíonn le feiceáil i sochaithe daonna, chomh maith le heolas, creidimh, ealaíona, dlíthe, nósanna, cumais, meoin, agus cleachtaidh na ndaoine sna grúpaí sin. Is minic a thagann cultúr ó cheantar nó áit ar leith. [1]Tagann an focal cultúr ón fhocal Laidine colere.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Cur Síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is coincheap lárnach é an cultúr san antraipeolaíocht, a bhaineann le réimse feiniméan a chuirtear ar aghaidh trí fhoghlaim shóisialta i sochaithe daonna. Bíonn uilíocha cultúrtha le fáil i ngach sochaí dhaonna. Mar shampla ealaín, ceol, damhsa, deasghnáth, creideamh, agus teicneolaíocht ar nós úsáid uirlisí, cócaireacht, scáthlán, agus éadaí. Baineann coincheap an chultúir ábhartha le léirithe fisiceacha de chultúr, mar theicneolaíocht, ailtireacht, agus ealaín, ach cuimsíonn na gnéithe neamhábhartha den chultúr, cosúil le miotaseolaíocht, fealsúnacht, na prionsabail d’eagrúchán sóisialta (eagrúchán polaitiúil agus institiúidí sóisialta san áireamh), litríocht (scríofa agus ó bhéal), agus eolaíocht an oidhreacht dholáimsithe chultúrtha de shochaí ar bith.
- ↑ Tylor, Edward. (1871). Primitive Culture. Vol 1. New York: J.P. Putnam's Son