Alexei Navalny
Ba dhlíodóir agus gníomhaí polaitíochta Rúiseach é Alexei Navalny (Rúisis: Алексей Анатольевич Навальный) a rugadh ar 4 Meitheamh 1976 agus a d'éag 16 Feabhra 2024. Áiríodh Nalavny ar an té ab iomráití sa Rúis a raibh seasamh glactha aige in aghaidh pholasaithe Uachtarán na tíre, Vladimir Putin.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Navalny céim sa dlí ó Ollscoil Rúiseach Chairdeas na Náisiún i Moscó sa bhliain 1998. Bhí sé ag staidéar ina dhiaidh sin in Ollscoil Airgeadais faoi Rialtas Chónaidhm na Rúise i Moscó agus bhí sé ina Chomhalta Domhanda Greenberg in Institiúid Jackson um Ghnóthaí Domhanda in Ollscoil Yale sa bhliain 2010.[2]
Agóidíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go luath i ndiaidh dó a chéim a bhaint amach sa bhliain 1998 chuaigh sé isteach i gcúrsaí polaitíochta mar dhuine a sheas go daingean in aghaidh réimeas Vladimir Putin. Ón am sin, bhain sé cáil amach mar scairshealbhóir gníomhaíoch agus feachtasóir in aghaidh na héillitheachta i gCónaidhm na Rúise, agus é ag baint úsáid shuntasach as an idirlíon chun a chuid tuairimí a chur os comhair an tsaoil mhóir.
Is iomaí sin uair a gabhadh é féin le linn léirsithe polaitiúla agus cúisíodh arís is arís eile é, ós rud é gur cuireadh cúbláil, calaois agus sciúradh airgid ina leith. Ciontaíodh dhá uair é agus gearradh téarma príosúin cúig bliana air i gcás amháin agus téarma príosúin trí bliana go leith air sa chás eile, ar fionraí sa dá chás. Shocraigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur tháinig an dá phianbhreith seo i ndiaidh gur séanadh an ceart chun trialach cothroime ar Navalny. Chreid Navalny, a lucht tacaíochta agus a lán breathnóirí neamhchlaonta gur chúrsaí polaitíochta ba chúis leis na himeachtaí coiriúla ina aghaidh agus go raibh siad á ndíriú ag a chéilí comhraic polaitiúla.[2]
Fuair Navalny breis is 27% de na vótaí i dtoghchán méarachta Mhoscó 2013. Séanadh an ceart chun bheith ina iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta 2018 air, toisc gur ciontaíodh é as cionta coiriúla. Meastar go forleathan fós gurb é an céile comhraic is scanrúla don Uachtarán Putin taobh istigh de Chónaidhm na Rúise.[2]
Nimhithe, 2020
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mhair Navalny i ndiaidh iarracht chun é a nimhiú, dar le beagnach cách, i mí Lúnasa 2020. Deirtear gur tugadh an nimh Novichok do Navalny nuair a bhí sé ar eitilt go Moscó. D’éirigh sé tinn is tugadh go dtí ospidéal sa tSibéir é sular aistríodh é go Beirlín na Gearmáine. Dúirt a lucht leanúna go ndearna an stát Rúiseach iarracht é a mharú.[3]
Aslonnaíodh chun na Gearmáine le haghaidh cóireála leighis é.
Curtha i bpríosún
[cuir in eagar | athraigh foinse]2021
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a d'fhill Navalny ar an Rúis ar 17 Eanáir 2021,[4] cuireadh a phianbhreith fionraí príosúin trí bliana go leith i ngníomh ar bhonn sárú líomhnaithe ar a pharúl agus bhí pianbhreith dhá bhliain go leith á chur isteach aige dá bharr sin. Lean údaráis na Rúise orthu ag caitheamh lena ghluaiseacht iomlán mar sceimhlitheoirí agus antoisceach, in ainneoin agóidí forleathan ina choinne sin ó gach cearn den domhan.[2]
Sa bhliain 2021, bhí smachtbhannaí gearrtha ag Stáit Aontaithe Mheiriceá ar sheachtar feidhmeannach sinsearach de chuid na Rúise. Bhí údaráis Mheiriceá den tuairim go raibh Rialtas na Rúise freagrach as an nimhiú a rinneadh ar Navalny.[5]
2023
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gearradh naoi mbliana príosúin air i 2021 as calaois agus díspeagadh cúirte srl a bhí curtha ina leith.[1] Ach gearradh naoi mbliana déag sa bhreis air níos déanaí, as eagras antoisceach a mhaoiniú, caimiléireacht, srl rud a shéan sé.
Bhí Navalny faoi choinneáil de bharr go raibh sé glan in aghaidh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin. Bhí sé rangaithe ag na húdaráis sa Rúis mar sceimhlitheoir, mar antoisceach agus mar ghríosóir. Meastar go forleathan go ndearnadh éagóir air agus go raibh cúis pholaitiúil ag baint leis an bpionós a gearradh air.[6]
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Navalny bás ar an 16 Feabhra 2024, sa champa géibhinn iargúlta ina raibh sé faoi choimeád san Artach. Bhí sé 47 bliain d'aois. Tá an campa - ar a dtugtar IK-3 - sa réigiún Yamalo-Nenets, gar don Chiorcal Artach. Tá coinníollacha crua sa champa, a dhéanann díobháil don mheabhairshláinte, agus don cholainn.[6]
D'fhógair seirbhís phríosúin na Rúise go bhfuair Navalny bás i bpríosún i gCeantar Féinrialaitheach Neinéitseach Iamáil, tar éis dó siúlóid a dhéanamh agus mothú tinn an mhaidin sin. Mhaígh ráiteas an phríosúin go ndearnadh "na bearta athbheochana riachtanacha go léir is gá, ach nach raibh torthaí dearfacha acu. Dheimhnigh na paraimhíochaineoirí bás an daoránaigh.[7][8]
Dúirt urlabhraí Navalny ar na meáin shóisialta nach bhféadfadh a fhoireann a bhás a dheimhniú láithreach go dtí go dtugann a dhlíodóir cuairt ar an bpríosún.[9][10]
"D’éirigh Navalny breoite i ndiaidh dó dul amach ag siúl", a scríobhadh sa ráiteas. "Chaill sé a mhothú. Chuir oibrithe sláinte cóir leighis air láithreach agus cuireadh fios ar otharcharr. Chuathas i mbun iarrachtaí athbheochana ach níor éirigh leo. Tá fiosraithe ar bun faoin gcúis a bhí lena bhás."[1]
Dúirt Yulia Navalny, baintreach Alexei, gur nimhíodh Navalny leis an néaroibreán, Novichok, agus gurb é seo an fáth nach raibh a chorp scaoilte go tapa.[11]
Bhailigh slua mór daoine i Moscó ar an 1 Márta 2024 do shochraid Navalny. Cuireadh sa gcré Navalny i reilig lasmuigh de Mhoscó.[12]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhógair na Stáit Aontaithe smachtbhannaí móra an ar an 23 Feabhra 2023, dírithe ar an Rúis, mar gheall ar bhás Navalny, agus an cogadh leanúnach san Úcráin. Díreoidh na smachtbhannaí iar raon réimsí, lena n-áirítear bunáiteanna cosanta agus tionsclaíochta na tíre, mar aon le foinsí ioncaim don gheilleagar.[11]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-08-04). "19 bliain breise curtha le téarma príosúnachta Navalny sa Rúis" (as ga-IE).
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Alexei Navalny". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Eoin Ó Murchú (2020). "Táthar ag iarraidh diabhail a dhéanamh de na Rúisigh arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-05.
- ↑ "One Year After His Arrest, Russia's Opposition Asks: Was Navalny's Return A Mistake?" (en). Radio Free Europe/Radio Liberty (2022-01-17). Dáta rochtana: 2023-08-04.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-03-02). "Smachtbhannaí gearrtha ag Meiriceá ar an Rúis faoi nimhiú Navalny" (as ga).
- ↑ 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2024-02-16). "Alexei Navalny - an polaiteoir frith-Putin - básaithe" (as ga-IE).
- ↑ "Russian opposition leader Navalny has died, prison service says".
- ↑ "Russia-Ukraine war live: Alexei Navalny dies in prison after morning walk, says Russian prison service".
- ↑ "Alexei Navalny Dies in Jail – Prison Service" (en).
- ↑ "Aleksei Navalny: Outspoken Putin Critic Is Dead, Russian State Media Reports" (en-US). The New York Times.
- ↑ 11.0 11.1 Conradh na Gaeilge, Londain (24 Feabhra 2024). "Nuacht Mhall (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-02-24.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-01). "Navalny adhlactha sa Rúis" (as ga-IE).