Jump to content

Óivid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÓivid

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Publius Ovidius Naso Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Márta 43 "RCh"
Sulmona Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17
58/59 bliana d'aois
Constanța, An Rómáin Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheConstanța
Teanga dhúchaisan Laidin
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaImpireacht na Róimhe
SeánraTraigéide
Mac/iníon léinn de chuidMarcus Porcius Latro
TeangachaAn Laidin
Saothar
Saothar suntasach

IMDB: nm0653992 IBDB: 13173
Musicbrainz: 4f7c6dc7-fac9-48de-98cc-47498debcdaa Discogs: 1058944 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Publius Ovidius Naso (20 Márta 43 RC – 17/18 AD), ar a dtugtar Óivid i nGaeilge, ina fhile Rómhánach, a mhair le linn réimeas Ágastais. Bhí sé beo ag an am céanna le Veirgil agus Horáit, a bhfuil sé rangaithe go minic mar cheann de na trí filí canónta de litríocht na Laidine. Mheas an scoláire Impiriúil Cuintilian gurb é an ceann deireanach de na tuireamhaithe Laidineach é.

Níl aon eolas againn faoi shaol Óivid ach amháin na sonraí a d'fhág sé féin ina chuid scríbhinní. Rugadh é ag Sulmo (inniu Sulmona) do chlann marcach. Bhí oideachas den scoth aige sa Róimh agus san Aithin, agus rinne sé staidéar ar an reitric. Ach, in ainneoin a raibh ag teastáil óna athair, b'fhearr le hÓivid a bheith ina fhile ná dul isteach sa saol poiblí. Bhí dhá mhionchúram aige sa stát, ach ansin d'éirigh sé as iad, agus chaith sé bunús a chuid ama ar fad ar an bhfilíocht agus ar an siamsaíocht.

Chuir Ágastas an ruaig ar Óivid in AD 8 chuig Tomis, cúige Dáiciach ar an Muir Dhubh, áit ar fhan sé deich mbliana go dtí a bhás [1] Ní fios fós cén fáth go ndearna sé é sin (scríobh Óivid é féin gur carmen et error (dán agus botún) – ba chúis leis.[2][3] more harmful than poetry. B'fhéidir go raibh sé mór le gaol de chuid Ágastas tamall, agus b'fhéidir gurb é Ars Amatoria an carmen a bhí i gceist aige, saothar a bhí in ainm agus a bheith mímhorálta agus a raibh fáil air ar feadh tamaill). Dearbhaíonn Óivid é féin go raibh sé neamhchiontach, agus díbríodh é de bharr go bhfaca sé daoine eile ag briseadh an dlí [4]- b'fhéidir go raibh sé ar a eolas go raibh caidreamh idir Julia agus Silanus, nó go raibh eolas polaitíochta aige, ach ní féidir bheith cinnte sa lá atá inniu ann. D'fhulaing Óivid go mór mar gheall ar an ruaig sin, gan a chairde, faoi dhrochsláinte agus ag comhrac in aghaidh na mbarbarach, ach d'fhoghlaim sé teanga an cheantair agus scríobh sé roinnt dánta sa teanga sin.

Stíl litríochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Óivid a chuid saothair i leathrainn chaointeacha, ach amháin an saothar iontach Metamorphoses, a scríobh sé i heicsiméadar dachtaileach ar mhúnla na Aeniad de chuid Veirgil agus eipicí Hóiméir. Ní scéal eipiceach ar nós a réamhtheachtaithe a chuireann Óivid in iúl, ach cuntas an chosmais de réir dátaí, óna chruthú chuig a linn féin. Cuireann sé go leor miotas agus finscéalta san áireamh ó thraidisiúin na Gréige agus na Róimhe.

Metamorphoses, 1643
  • (10 RC) Amores ('Na Gránna'), 5 leabhar ar dtús, a scríobhadh i ndiaidh 20 RC (athbhreithnithe bheith 3 leabhair timpeall AD 1). Scríobh Óivid beagnach gach aon dán grá sa saothar seo do bhean amháin anaithnid, darbh ainm Corinna.w
  • (5 RC) Heroides ('Na Banhéaróis') nó Epistulae Heroidum ('Litreacha na mBanhéarós'), 21 litreacha. Scríobhadh an chéad grúpa (na litreacha 1–15), a bhaineann le banhéaróis ag scríobh dá chuid leannán, timpeall 15 RC. Scríobhadh na litreacha 16–21, atá ina bpéirí (m.sh. Páras go Héilin agus Héilin go Páras) timpeall AD 4-8. Ba nuálaí Óivid don saghas filíochta litreacha seo, agus taispeántar an traenáil reitrice a raibh aige.
  • (5 RC) Remedium Amoris ('An Leigheas don Grá'). Leabhar amháin. Treoir le titim as grá le duine.
  • (5 RC) Medicamina Faciei Femineae ('Cosmaidí Aghaidhe na Ban'). Dán faoi cosmaidí. Ní mhaireann ach 100 líne.
  • (2 RC) Ars Amatoria ('Ealaín an Grá'), 3 leabhar. Dán teagasach faoi ealaín an Grá. Scríobhadh an chéad bheirt timpeall 1 RC go AD 1, agus an tríú ceann beagán ina dhiaidh.
  • (AD 8) Metamorphoses ('Claochluithe'), 15 leabhar. Téamaí miotais, a scríobhadh i heicsiméadair, faoi dhaoine daonna ar a chuirtear athruithe crutha. Mar shampla, tá: Meidiúsa, Oirféas agus Eoiridicé, agus Peirséas agus Atlás.
  • (9) Ibis, dán amháin, i ndiaidh AD 8. Déanann Óivid ionsaí ar namhaid anaithnid.
  • (10) Tristia ('Sorrows'). 5 leabhar i leathranna caointeacha, i ndiaidh AD 8. Litreacha ata ann chuig Ágastas, an bhean chéile Óivid agus cairde eile. Impíonn sé ar Ágastas chun cead a thabhairt dó teacht ar ais.
  • (10) Epistulae ex Ponto ('Litreacha ón Mhuir Dhubh'). 4 leabhair, i ndiaidh AD 8. Litreacha chuig cairde ainmnithe.
  • (12) Fasti ('Féilte'). 6 leabhar i leathranna caointeacha, a thráchtann leis an chéad 6 míonna den bliain agus a chuireann eolas sainiúil ar fáil faoin bhféilire Rómhánach. Is dócha nár chríochnaíodh an dara 6 leabhar riamh. Meascán de stair, reiligiún, astralaíocht agus cur síos ar nósanna atá ann.


Cuirtear na dánta seo síos do Óivid, ach meastar go leathan nach rinne sé iad:

  • Nux ('Crann Gallchnó')
  • Consolatio ad Liviam ('Sólás do Livia')
  • Medea, traigéide caillte faoi Mhedea. Bhí clú leis an saothar seo sa seansaol, de réir dealraimh.
  • Haleutica ('Faoin Iascaireacht'). Is dócha nach mhair an saothar seo chuig an lae atá inniu (féach thíos).
  • dán sa Gheitis, teanga a labhraíodh sa tír ina theith Óivid. Ní mhaireann an dán (b'fhéidir go bhfuil sé bréagach).
  • Haleutica ('Faoin Iascaireacht'), dán a chuireann roinnt daoine síos don dán den ainm chéanna a rinne Óivid. Ní mhaireann ach 132 líne i gcodanna. (Bhí clú ar an Mhuir Dhubh mar bhráite iascaireachta.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. See Trist. II, 131–32.
  2. Ovid, Tristia 2.207
  3. Ovid, Epistulae ex Ponto 2.9.72
  4. Ovid, Epistulae ex Ponto 3.3.72