Meta Platforms
Is ollchomhlacht teicneolaíochta é Meta nó Meta Platforms, Inc, Is le Meta na hardáin dhigiteacha Facebook, Instagram agus WhatsApp a bhfuil tóir ábhalmhór orthu ar fud an domhain. Is é an meán sóisialta Facebook a phríomhghnó.
Tá na billiúin dollar caite ag Meta ar thogra ollmhór dá gairtear an meiteachruinne nó 'metaverse'.[1]
Gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí 87,000 duine fostaithe ag Meta ar fud an domhain sa bhliain 2022.[2] I mí na Samhna 2022, d'fhógair Meta go raibh siad le 13% den 87,000 duine atá fostaithe acu a ligean chun siúil. Sin 11,000 fostaí san iomlán i dtíortha éagsúla.[3]
Bhain an scéal b'fhéidir leis an rófhás a tháinig sna 2010idí ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta. Ach i mí na Márta 2023, dúirt Meta go raibh sé le 10,000 fostaí eile in ionaid éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil, agus bhí na scairshealbhóirí sásta leis an fógra sin ag an am.[1][4]
Comhlíonadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2013, scaoileadh an rún faoin easpa cosanta sonraí nuair a léirigh Edward Snowden - a bhí fostaithe ag an am leis an National Security Agency i Meiriceá – go raibh údaráis na Stát Aontaithe i mbun spiaireachta ar dhaoine ar na meáin shóisialta, a bhuíochas don aistriú sonraí ón AE go SÁM.[5]
Tamall níos déanaí sa bhliain 2013, thug Max Schrems – Ostarach a bhí i mbun feachtais faoi phríobháideachas saoránach – dúshlán cúirte do Facebook ar an mbonn go raibh ag cliseadh orthu a chuid cearta príobháideachais a chosaint.[6]
Tar éis blianta fada cur agus cúiteamh sna cúirteanna, chuir an Chúirt Bhreithiúnas Eorpach ar neamhnaí an "Sciath Phríobháideachais" – an socrú sa dlí faoi aistriú sonraí a bhíodh i bhfeidhm idir an tAE agus SÁM.
Sna 2020idí, bhí conradh nua faoi aistriú sonraí aontaithe idir an dá bhloc á phlé.[5]
Fíneáil Meta 2023
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2023, bhí €1.2 billiún d'fhíneáil gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar Meta faoin dlí a shárú agus Meta ag aistriú sonraí pearsanta ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá.[5] Bhí Meta ag lorg achomharc ar an gcinneadh agus níor íoc siad pingin ar bith go fóill.[7]
Mar chuid de bhreithiúnas an Choimisiúin, bhí ordú faighte ag Meta aistriú sonraí ón AE go SÁM a chur ar fionraí, ach bhí 5 mhí acu géilleadh don ordú sin. Bhí 6 mhí faighte ag Meta chun deireadh a chur leis an gcleachtas ag an gcuideachta sonraí pearsanta lucht úsáidte san Eoraip a phróiseáil agus a stóráil go mídhleathach i Meiriceá ar an mbonn gur sárú é ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).
Rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúcháin faoi na huirlisí dlí a bhíonn á n-úsáid ag Meta le sonraí lucht úsáidte Facebook a aistriú go Meiriceá. "Gnáthchlásail conartha" a thugtar ar na huirlisí sin. Ach rialaigh an Coimisiún nach leor iad le seasamh in aghaidh na rioscaí atá ann do chearta bunúsacha agus saoirse bhunúsach daoine agus a gcuid sonraí.
Rialaigh an Coimisiún in Éirinn ar dtús báire nach mbeadh fíneáil i gceist. Ach d’easaontaigh rialaitheoirí eile ar an MórRoinn leis sin agus i ndeireadh na dála rialaigh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí go ngearrfaí fíneáil ar Meta.[5]
Fíneáil Meta 2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gearradh fíneáil €91m ar Meta in 2024 i ndiaidh don Choimisiún fiosrúchán a dhéanamh ar an gcaoi a raibh roinnt pasfhocal stóráilte ag Meta i ngnáth-théacs gan chriptiú ar chórais inmheánacha an chomhlachta. B'iad Meta iad féin a chuir an Coimisiún ar an eolas go raibh na pasfhocail stóráilte gan chosaint acu agus rinneadh an sárú de thaisme, a dúirt siad.
Rialaigh an Coimisiún go raibh ceithre shárú déanta ag Meta ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Bhain siad le teip an chomhlachta úsáideoirí a chur ar an eolas go raibh sárú déanta ar a sonraí pearsanta agus le teip an chomhlachta beartais teicniúla ná eagraíochtúla a úsáid chun sonraí na n-úsáideoirí a chosaint sa chéad dul síos.[8]
Meta in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú Eorpach Meta. Bhí 3,000 díobh sin ag obair go díreach don chomhlacht in Éirinn ag tús 2022, agus bhí breis is 6,000 duine eile a oibríonn le comhlachtaí eile a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil dó.[2][9] I dtús na bliana 2023, ní raibh ann ach 2,600 i mBÁC agus d'fhógair Meta go raibh an comhlacht le thart ar 490 fostaí eile in Éirinn a ligean chun siúil.[10]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Facebook, Instagram, WhatsApp
- Scannal Frances Haugen
- An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht TTÉ (2023-03-14). "Meta le 10,000 fostaí eile a ligean chun siúil" (as ga-IE).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2022-11-07). "Postanna á gcailleadh i Meta" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-11-09). "Meta le 390 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil" (as ga-IE).
- ↑ Katie Paul, Nivedita Balu (2023-03-14). "Meta to cut 10,000 jobs in second round of layoffs" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2023-03-15.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 Nuacht RTÉ (2023-05-22). "€1.2 billiún pionóis ar Meta faoi aistriú sonraí pearsanta" (as ga).
- ↑ "High Court: Max Schrems entitled to 80 percent of his legal costs against DPC in compromised proceedings" (en). Irish Legal News (2022-09-30). Dáta rochtana: 2023-05-22.
- ↑ Bhain an breithiúnas le Facebook ach ní bhain sé le h-ardáin eile de chuid Meta fearacht Instagram agus WhatsApp.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-27). "Fíneáil €91m gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ar Meta" (as ga-IE).
- ↑ RTÉ (Samhain 2022). "Andy Caomhánach, Feidhmeannach Ríomhaireachta, Acadamh na hOllscolaíochta." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-11-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-05-24). "Meta le thart ar 490 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil" (as ga).