Jump to content

Edith Wilson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 12:37, 2 Feabhra 2024 le Seachránaí (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Infotaula de personaEdith Wilson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Edith Bolling Cuir in eagar ar Wikidata
15 Deireadh Fómhair 1872
Wytheville, Virginia Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Nollaig 1961
89 bliana d'aois
Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisCliseadh croí
Áit adhlacthaWashington National Cathedral (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céadbhean na Stát Aontaithe
18 Nollaig 1915 – 4 Márta 1921
← Ellen Axson WilsonFlorence Harding → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaan Páirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileNorman Galt (1896–1908), bás a c(h)éile
Woodrow Wilson (1915–1924), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Holcombe Bolling  agus Sally White
Gradam a fuarthas
Síniú


Find a Grave: 19670 Cuir in eagar ar Wikidata

Dara bean chéile Woodrow Wilson, uachtarán na Stát Aontaithe, ab ea Edith Bolling Galt Wilson (10 Deireadh Fómhair 187228 Nollaig 1961). Bhí sí ina Céad-bhean ar an tír ó 1915 go 1921. Chuir sise agus Woodrow Wilson aithne ar a chéile i mí Márta na bliana 1915 agus phós siad naoi mí ní ba dhéanaí. I ndiaidh an stróc mór a bhuail Woodrow i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1919, scrúdaigh sí gach cáipéis dár cuireadh chuig an uachtarán agus roghnaigh sí cé acu díobh le cur faoina bhráid ina móimintí meabhracha. Dhéanadh sí é seo agus rudaí eile in éineacht le príomhchúntóir an uachtaráin agus i ngan fhios don saol mhór. Ise an t-aon bhean i stair Mheiriceá a chuaigh i gceannas ar bhrainse feidhmiúcháin rialtas na tíre, fiú murar thuig ach dornán daoine cad a bhí ar siúl aici.

Rugadh Edith isteach i dteaghlach de scothaicme Virginia. Ba de shliocht Pocahontas agus John Rolfe í. Deirfiúr le Thomas Jefferson ab ea sin-seanmháthair léi. Bhí Martha Washington agus Robert E. Lee ar a sinsir freisin.