Jump to content

An difríocht idir athruithe ar: "Beirlín"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not featured
Líne 95: Líne 95:
{{Link GA|no}}
{{Link GA|no}}
{{Link GA|th}}
{{Link GA|th}}
{{Nasc AR|af}}
{{Nasc AR|eu}}
{{Nasc AR|la}}
{{Nasc AR|mk}}
{{Nasc AR|sk}}
{{Nasc AR|tt}}
{{Nasc AR|vi}}

Leagan ó 17:00, 26 Márta 2015

Teimpléad:Bailte sa Ghearmáin Is í Beirlín (Gearmáinis: Berlin) príomhchathair na Gearmáine, agus í ar an gcathair is mó sa tír sin, nó tá 3,440,441 duine ina gcónaí ansin (ó thús mí Aibreán 2010); is ísliú é sin ón 4.5 mhilliún duine a bhíodh sa chathair roimh an Dara Cogadh Domhanda. Is í an dara cathair is mó san Aontas Eorpach chomh maith; níl aon chathair níos mó ná í cé is moite de Londain. Sna tréimhse 1949-1990, bhí an chathair dealaithe ina dhá cuid, Beirlín Thoir agus Beirlín Thiar. Ba í Beirlín Thoir príomhchathair Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne. Ba é dearcadh mhuintir na cathrach féin gur ceann de stáit de Phoblacht Chónasctha na Gearmáine a bhí ann, ach ní raibh na cumhachtaí forghabhála, an tAontas Sóivéadach ach go háirithe, sásta glacadh leis seo. Ba é polasaí Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach go háirithe, Selbständige Politische Einheit West-Berlin ("Slánaonad Polaitiúil Neamhspleách Bheirlín Thiar") a thabhairt ar an leath thiar den chathair.

Sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath den chathair. Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar, ceann de na siombailí ba chumhachtaí don athrú mór seo ab ea é an dóigh ar chuir an chosmhuintir an balla de dhroim an tsaoil.

Tá lár stairiúil na cathrach suite idir na haibhneacha úd Spree agus Havel, agus an stát cónasctha úd Brandenburg á timpeallú ó gach taobh.

Mar gheall ar an spórt i mBeirlín, is iad Hertha BSC agus 1. FC Union Berlin a imríonn sa dara sraith, Zweite Bundesliga, na clubanna sacair a bhfuil an cáil is mó orthu. Tá clú agus cáil ar Alba Berlin mar fhoireann cispheile.

Íomhánna

Ceantair

Tá an chathair roinnte i ndá cheantar déag ar a dtugtar BezirkeVerwaltungsbezirke (ceantair riaracháin), mar seo a leanas:

  1. Mitte
  2. Friedrichshain-Kreuzberg
  3. Pankow
  4. Charlottenburg-Wilmersdorf
  5. Spandau
  6. Steglitz-Zehlendorf
  7. Tempelhof-Schöneberg
  8. Neukölln
  9. Treptow-Köpenick
  10. Marzahn-Hellersdorf
  11. Lichtenberg
  12. Reinickendorf

Daoine mór le rá

Berlin-Mitte, ceartlár na cathrach.

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA