Beirlín: Difríocht idir leaganacha
No edit summary |
|||
Líne 31: | Líne 31: | ||
Íomhá:Buddy Bear One-World Bär.JPG|Buddy Bär |
Íomhá:Buddy Bear One-World Bär.JPG|Buddy Bär |
||
</gallery> |
</gallery> |
||
== Daoine aitheanta == |
|||
* [[Friedrich II na Prúise]], rí ar an bPrúis a rugadh i mBeirlín i 1712. |
|||
* [[Alexander von Humboldt]], nádúraí is geografaí Gearmánach a rugadh i mBeirlín i 1769. |
|||
* [[Walter Adolph Gropius]], ailtire Gearmánach a rugadh i mBeirlín i 1883. |
|||
* [[Marlene Dietrich]], amhránaí agus aisteoir Gearmánach a rugadh i mBeirlín i 1901. |
|||
== Féach freisin == |
== Féach freisin == |
Leagan ó 19:04, 7 Bealtaine 2014
Teimpléad:Bailte sa Ghearmáin Is í Beirlín (Gearmáinis: Berlin) príomhchathair na Gearmáine, agus í ar an gcathair is mó sa tír sin, nó tá 3,440,441 duine ina gcónaí ansin (ó thús mí Aibreán 2010); is ísliú é sin ón 4.5 mhilliún duine a bhíodh sa chathair roimh an Dara Cogadh Domhanda. Is í an dara cathair is mó san Aontas Eorpach chomh maith; níl aon chathair níos mó ná í cé is moite de Londain. Sna tréimhse 1949-1990, bhí an chathair dealaithe ina dhá cuid, Beirlín Thoir agus Beirlín Thiar. Ba í Beirlín Thoir príomhchathair Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne. Ba é dearcadh mhuintir na cathrach féin gur ceann de stáit de Phoblacht Chónasctha na Gearmáine a bhí ann, ach ní raibh na cumhachtaí forghabhála, an tAontas Sóivéadach ach go háirithe, sásta glacadh leis seo. Ba é polasaí Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach go háirithe, Selbständige Politische Einheit West-Berlin ("Slánaonad Polaitiúil Neamhspleách Bheirlín Thiar") a thabhairt ar an leath thiar den chathair.
Sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath den chathair. Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar, ceann de na siombailí ba chumhachtaí don athrú mór seo ab ea é an dóigh ar chuir an chosmhuintir an balla de dhroim an tsaoil.
Tá lár stairiúil na cathrach suite idir na haibhneacha úd Spree agus Havel, agus an stát cónasctha úd Brandenburg á timpeallú ó gach taobh.
Mar gheall ar an spórt i mBeirlín, is iad Hertha BSC agus 1. FC Union Berlin a imríonn sa dara sraith, Zweite Bundesliga, na clubanna sacair a bhfuil an cáil is mó orthu. Tá clú agus cáil ar Alba Berlin mar fhoireann cispheile.
Íomhánna
-
An Reichstag, suíomh Phairlimint na Gearmáine
-
An túr teilifíse i mBeirlín
-
Geata Brandenburg
-
Buddy Bär
Daoine aitheanta
- Friedrich II na Prúise, rí ar an bPrúis a rugadh i mBeirlín i 1712.
- Alexander von Humboldt, nádúraí is geografaí Gearmánach a rugadh i mBeirlín i 1769.
- Walter Adolph Gropius, ailtire Gearmánach a rugadh i mBeirlín i 1883.
- Marlene Dietrich, amhránaí agus aisteoir Gearmánach a rugadh i mBeirlín i 1901.
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- WikiTravel - Beirlín
- Berlin.de - Suíomh oifigiúil
- Berlin.unlike.net - Suíomh do chuairteoirí atá dírithe ar lucht na n-óg. Eolas agus leideanna as Béarla.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR