Malmö
Is cathair é Malmö[1] in iardheisceart na Sualainne. Is é an tríú cathair is mó sa tSualainn i ndiaidh Gothenburg agus Stockholm. Is é an seachtú cathair is báúla le rothaíocht sa domhan de réir an Copenhagenize Index sa bhliain 2013. Is é Malmö an phríomhchathair agus an chathair is mó i gcontae Skåne nó Skåneland sa tSualainn. Fuair Malmö an ceathrú háit ar an liosta "15 Green Cities" de chuid Grist Magazine sa bhliain 2007.
Malmö | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an tSualainn | ||||
County of Sweden (en) | Skåne län | ||||
Municipality of Sweden (en) | Malmö Municipality (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 325,069 (2020) | ||||
• Dlús | 4,149.99 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 7,833 ha | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Øresund agus Sege River (en) | ||||
Airde | 12 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1353 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 21X XX | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 040 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | malmo.se |
Cultúr
cuir in eagarReáchtáladh Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2024[2] i Malmö na Sualainne idir 7-11 Bealtaine 2024, an 68ú heagrán bliantúil de Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse.[3] Tharraing an comórtas agus na hamhráin i Malmö conspóidí go leor.[4]
Déimeagrafaic
cuir in eagarYear | Pop. | ±% |
---|---|---|
1950 | 198,856 | — |
1960 | 234,453 | +17.9% |
1970 | 265,505 | +13.2% |
1980 | 233,803 | −11.9% |
1990 | 233,887 | +0.0% |
2000 | 259,579 | +11.0% |
2009 | 293,909 | +13.2% |
2012 | 308,873 | +5.1% |
Bhí 309,105 daoine ina gcónaí sa chathair i 2013 agus 664,428 duine i mórcheantar Malmö.
Sa bhliain 2011, bhí daoine ó 174 tír difriúla ina gcónaí i Malmö agus bhí timpeall ar 150 teanga á labhairt sa chathair.
Is cathair óg é Malmö agus thart ar leath an daonra faoi 35 bhliain d'aois.
Tá cúlra iasachta ag 41% do an daonra i Malmö. Rugadh 30% de na daoine i dtír eile agus rugadh 11% sa tSualainn do thuismitheoirí iasachta.
Seo a leanas na príomhthíortha as ar tháinig imircigh i Malmö:
- An Iaráic (9,940)
- Danmhairg (8,972)
- Poblacht na Macadóine (8,426)
- an Bhoisnia-Heirseagaivéin (5,969)
- an Liobáin (3,780)
- an Iaráin (3,375)
- an Pholainn (3,053)
- an Tuirc (2,110)
- an Ungáir (2,038)
- an Rómáin (2,014)
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Malmo go minic
- ↑ Béarla: Eurovision Song Contest 2024
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-12). "6ú áit d'Éirinn sa Chomórtas Eoraifíse;An Eilvéis buacach" (as ga-IE).
- ↑ RnaG (2024-05-08). "Rachel Akkoc as Leitir Ceanainn." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-05-13.