Yeti
Cuma
Cineál | criptid aonán miotaseolaíoch Rakshasa (en) carachtar béaloidis |
---|---|
Tionscnaimh | an Tibéid, an Rúis agus Neipeal |
Comhthéacs | |
I saothar | Journal of the Asiatic Society of Bengal (en) |
Eile | |
Comhionann | Big man in the tundra (en) agus wild man (en) |
Ainmhí is ea an Yeti a deirtear a bheith cosúil le hápa, agus cónaí air gar do líne an tsneachta i ngleannta go hard sna Himiléithe. De réir na scéalta, tá sé mór, clúdaithe le gruaig fhada dhorcha, in ann siúl ina cheartseasamh, timpeall dhá mhéadar ar airde, agus bíonn a lorg coise 15-30 cm ar fhad. Níor éirigh fós le haon sluaíocht teacht ar aon rud ach rianta is radhairc neamhiontaofa. B'fhéidir gur ápa nár rangaíodh fós é, fuílleach den homainid Néandartálach nó, go ródhócha, miotas amach is amach. Ainm eile air i gcultúr coiteann an Iarthair is ea an "Fear Sneachta Gráinniúil".[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Yeti". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 708.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann leis an mhiotaseolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |