Thierry Henry
Is imreoir sacair Francach é Thierry Daniel Henry (rugadh é ar an 17 Lúnasa 1977).
Rugadh i bPáras é agus cheannaigh AS Monaco é sa bhliain 1995. Bhog sé ó Monacó go Torino sa bhliain 1998 ach i ndiaidh dó bliain amháin a chaitheamh le Juventus, d'íoc Arsenal F.C. GB£10.5m as. D'imir sé le hArsenal ón mbliain 1999 go dtí an bhliain 2007, nuair a d'aistrigh sé go F.C. Barcelona. Imríonn sé faoi láthair lena New York Red Bulls - club de chuid Major League Soccer i Meiriceá.[1]
Bhuaigh Thierry Euro 2000 agus Corn an Domhain sa bhliain 1998 leis an bhFrainc. I Sasana ghnóthaigh sé Corn an F.A. faoi thrí agus an Premier League faoi dhó. Le Barcelona, tá sraith na Spáinne, corn na Spáinne agus Sraith na Seaimpíní buaite aige.
Tá sé colscartha agus páiste amháin aige.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Newyorkredbulls.com - Roster - Henry". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-08-10. Dáta rochtana: 2011-08-17.
- ↑ Telegraph.co.uk - Henry pays wife £8m divorce settlement - Nollaig 2008
Déileálann an síol seo le imreoirí sacair na Fraince. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |