The Onion Router
| |
Cineál | daeman, leabharlann bogearraí, bogearra áirge, pacáiste bogearra, bogearra saor agus líonra |
---|---|
Bunleagan | |
Leagan bogearraí | |
Ceadúnas | 3-clause BSD License (en) |
Ar fáil sa | |
Eapainm | ródú oinniúin |
Saintréithe teicniúla | |
Córas oibriucháin | GNU/Linux, Microsoft Windows, BSD, macOS, Android agus córas oibriúchán cosúil le Unix |
Scríofa i | C, Python agus Rust |
Foireann | |
Cruthaitheoir/í | The Tor Project, Inc |
Forbróir(í) | The Tor Project, Inc |
Tuilleadh eolais | |
Láithreán Gréasáin | torproject.org (Béarla) |
Blog | Blog oficial |
Stack Exchange | Nasc |
GitHub | torproject |
Rianú earráide | Seguiment d'errors |
Free Software Directory | Tor |
CA. Subreddit | TOR |
| |
Is bogearra (ríomhoideas) foinse oscailte é The Onion Router, nó TOR mar is gnách é a ghiorrú. Úsáidtear TOR le cumarsáid gan ainm a cheadú trí líonra forleagtha domhanda a bhfuil breis is seacht míle athsheachadán.
An té a rachaidh i muinín TOR is féidir leis a ghníomhaíocht ar an Idirlíon a choinneáil faoi cheilt níos fearr ná gan TOR. Ní ligfeadh TOR duit a aithint cá bhfuil úsáideoir áirithe suite, fiú dá mbeadh faireachas Idirlín nó anailis tráchta idir lámhaibh agat. Is féidir leis an úsáideoir cumarsáid a dhéanamh gan a ainm ná a sheoladh IP a nochtadh, agus é ag baint leasa as nóid imeachta TOR.
Tagraíonn an focal onion, oinniún, do phrionsabal bunúsach TOR, is é sin, ródú oinniúin (onion routing as Béarla) - an modh códaithe a bhfuil an ródú bunaithe tá sé cosúil le hionair an oinniúin, is é sin, cuireann TOR sraith chriptithe anuas ar shraith chriptithe. Forbraíodh TOR i Saotharlann Taighde Chabhlach na Stát Aontaithe (United States Naval Research Laboratory), agus ba iad an matamaiticeoir Paul Syverson agus na ríomheolaithe Roger Dingledine agus Nick Mathewson a lainseáil an chéad leagan den bhogearra ar an 20 Méán Fómhair 2002. Bhí an obair tosaithe faoi lár na nóchaidí, agus ba é ba chuspóir leis ar dtús ná cumarsáid lucht faisnéise na Stát Aontaithe a chosaint ar an Idirlíon.
Lenár linn féin tá teacht ag gnáthdhaoine ar TOR, agus is ábhar mór conspóide é go bhfuil coirpigh de chineálacha éagsúla ag glacadh buntáiste air le, abair, drugaí mídhlíthiúla a dhíol nó le pornagrafaíocht faoi pháistí a scaipeadh.