Teoiric na gceall
Sa bhitheolaíocht, is éard is Teoiric na gCeall[1] ann ná teoiric eolaíoch stairiúil, a nglactar leis go forleathan anois, go bhfuil orgánaigh bheo déanta de chealla, gur aonad bunúsach struchtúrach/eagraíochta iad i ngach orgánach, agus go dtagann na cealla go léir ó chealla a bhí ann cheana féin. Bunaonad struchtúrach na n-orgánach go léir is ea cealla, agus freisin an t-aonad bunúsach atáirgthe. De réir a chéile, rinneadh feabhas leanúnach ar an mhicreascóip, agus méadaíodh an fachtóir formhéadúcháin go leor go dtí go raibh daoine in ann cealla a aimsiú sa 17ú haois. Luaitear an fhionnachtain seo den chuid is mó le Robert Hooke, agus cuireadh tús le staidéar eolaíoch na gceall, ar a dtugtar freisin bitheolaíocht na gceall. Ní mó ná céad bliain níos déanaí, thosaigh go leor díospóireachtaí faoi chealla i measc eolaithe. Bhí an chuid is mó de na díospóireachtaí sin bainteach le nádúr na hathghiniúna sna cealla, agus an bharúil gurb iad na cealla aonaid bhunúsacha an tsaoil. Ceapadh teoiric na gceall ar deireadh thiar sa bhliain 1839. Luaitear seo de ghnáth le Matthias Schleiden agus Theodor Schwann. Mar sin féin, tá go leor eolaithe eile cosúil le Rudolf Virchow a chuidigh leis an teoiric. Ba chéim thábhachtach í sa ghluaiseacht ar shiúl ó phrionsabal na huathghiniúna.
Thíos luaite, tá trí dhearbhphrionsabal na teoirice:
- Tá na horgánaigh bheo go léir comhdhéanta de chill amháin ar a laghad.
- An t-aonad bunúsach struchtúrach agus eagraíochta san orgánach is ea an chill.
- Tagann cealla ó chealla atá ann cheana féin.
Ceistítear fírinne an chéad dearbhphrionsabail thuas luaite, mar mheastar uaireanta gur foirmeacha beatha iad eintitis neamhcheallacha amhail víris.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““teoiric na gceall” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-21.
- ↑ Villarreal, Luis P. (August 8, 2008) Are Viruses Alive? Scientific American