Jump to content

Teannáil an bháis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Stalcadh neamhbhuan iarbháis na colainne mar gheall ar ídiú trífhosfáit adanóicín (ATP) agus fosfaraíl chréitínín sna snáithíní matánacha cnámharlaigh. Braitheann a tús cuid mhaith ar chúis an bháis is teocht na timpeallachta, ach tosaíonn sí de ghnáth timpeall 3 uair tar éis bháis agus bíonn iomlánaithe timpeall 9 n-uair ina dhiaidh sin. Leanann sí ar feadh 3-4 lá, agus ansin filleann boige don cholainn.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teannáil an bháis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 647.