Rauf Denktaş
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (tr) Rauf Raif Denktaş |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 27 Eanáir 1924 Paphos, An Chipir ![]() |
Bás | 13 Eanáir 2012 87 bliana d'aois an Niocóis Thuaidh, An Chipir ![]() |
Siocair bháis | Multiple organ dysfunction syndrome (en) ![]() |
Áit adhlactha | an Niocóis Thuaidh ![]() |
1 Uachtarán Thuaisceart na Cipire | |
15 Samhain 1983 – 24 Aibreán 2005 ← luach ar iarraidh – Mehmet Ali Talat → | |
2 Leas-Uachtarán na Cipire | |
Feabhra 1973 – Iúil 1974 ← Fazıl Küçük – Deireadh an phoist → ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An tIoslam Sunnaíoch |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ósta Lincoln The English School (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, dlíodóir ![]() |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí na hAontachta Náisiúnta ![]() |
Teangacha | An Tuircis |
Teaghlach | |
Páiste | Serdar Denktaş, Raif Denktaş ![]() |
Suíomh gréasáin | denktas.info ![]() |
![]() ![]() |
Ceannaire ar an Chipir Thuaidh (nó 'Poblacht Thurcach na Cipire Thuaidh', an TRNC[1]) ab ea Rauf Denktaş (27 Eanáir 1924 – 13 Eanáir 2012).[2]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mac le breitheamh a bhí ann.[3]
Glaodh chun an Bharra air i Londain (in Ósta Lincoln) sa bhliain 1947. D'fhill sé go dtí an Chipir an bhliain dár gcionn, chun dul leis an dlíodóireacht.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/92/Rauf_Raif_Denkta%C5%9F.jpg/220px-Rauf_Raif_Denkta%C5%9F.jpg)
Rinneadh Ionchúisitheoir na Corónach de agus bhí sé ina Aturnae Ginearálta Gníomhach le haghaidh Choilíneacht Chorónach na Cipire idir 1956 agus 1958.[4]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/40/Right_relief_detail_of_the_Cyprus_Monument.jpg/220px-Right_relief_detail_of_the_Cyprus_Monument.jpg)
Agus é ina dhlíodóir agus ionchúisitheoir, chasadh sé ar a chara óige Glafkos Clerides (1919-2013, agus ina Uachtarán na Cipire ní ba dhéanaí) a bhíodh chun tosaigh mar abhcóide cosanta i gcásanna in éadan bhall de chuid EOKA, eagraíocht treallchogaíochta Ghréagaigh na Cipire (a raibh Clerides féin ina bhall di).
D'éirigh Denktaş as a bpost leis an rialtas chun páirt a ghlacadh sa pholaitíocht, ar son Thurcaigh na Cipire agus chuidigh sé le bunú an Eagraíocht Thurcach um Fhrithbheartaíocht, chun troid in éadan EOKA, ag deireadh na bliana 1957.[3]
Toghadh arís agus arís eile ina cheannaire ar Phobal Turcach na Cipire é, ar shlite éagsúla, ó 1960 go dtí gur éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 2005. Bhí Denktaş ina cheannaire ar Phobal Turcach na Cipire idir 1983-2005.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ tarlaíonn sé nach n-aithnítear “The Turkish Republic of Northern Cyprus” go hoifigiúil ag aon tír ach ag an Tuirc féin
- ↑ "Rauf Denktash". The Economist (2012-01-21). Dáta rochtana: 2022-01-13.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Rauf Denktas". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "Glafkos Clerides". Dáta rochtana: 2021.