Palandróm
Cuma
Is éard is palandróm ann ná focal nó abairt nó bailiúchán siombailí ar féidir an chiall chéanna a bhaint as a léamh bealach amháin nó droim ar ais. Seo ceann sa Bhéarla Was it a cat I saw? (An é cat a chonaic mé). Ceann sa Ghearmáinis ná é seo Sei fein, nie fies – bí go deas, ná bí dána riamh. Tá struchtúr palandróim sna uimhreacha chomh maith, mar shampla, 11/11/11
An tAonú hUair Déag, An tAonú Lá Déag, An tAonú Mí Déag[2]
Palandróim sa Ghaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Focail
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ala
- alla
- ata
- cúitiúc
- dúrud
- maram
- millim
- óró
- radadar
- sanas
- sos
- bob
- diúid
- mám
- sás
- Dod
- gog
- mím
- píp
- radar
Abairtí samplacha is nathanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- A Nóinín, níl an rí anocht ar Ráth Conair, ná linn in Iona (ní fios cé a chum an sampla breá seo)
- sílim a cáca milis?
- Ab! An millim na ba?
- Á, tá a mama ata!
- Níl úr ó d'aga ag a dorú lín
- tá ga agat
- tá gá agat
- ’g ól ológ’
- ús ’s sú
- liús ’s súil
- sonas sa nós
- Molaid dia lom
- An gogán
- Rud dúr
- Log ag a gol
- Níl sorn ag Anna... ní liach, bia, rogáid di. Á! Go raibh cailín ann ag an ros lín. (Seo ceann a chaomhnaíonn na síntí fada.)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Sator Square" (as en) (2020-10-12). Wikipedia.
- ↑ blogs.transparent.com. "Tháinig sos comhraic i bhfeidhm ar 11/11/1918". Dáta rochtana: 2020-11-11.