Neil Gorsuch
Ball de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe is ea Neil Gorsuch (a rugadh ar 29 Lúnasa 1967).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Céimí de chuid Ollscoil Columbia (BA 1998), Scoil Dlí Harvard (JD 1991 cum laude) agus Ollscoil Áth na nDamh (DPhil 2004, faoi mhaoirseacht John Finnis) is ea é. Tá a leabhar The Future of Assisted Suicide and Euthanasia (Princeton University Press, 2006) bunaithe ar a thráchtas dochtúireachta.[1]
Bhí Gorsuch ina hcléireach don Bhreitheamh Byron White agus don Bhreitheamh Antaine Ó Cinnéide (1993-94).
Bhí Gorsuch ina aturnae sa dlí-ghnólacht Kellogg, Hansen, Todd, Figel & Frederick PLLC in Washington DC ó 1995 go 2005 (agus ina chomhpháirtí ann ó 1998), ag díriú ar abhcóideacht trialacha tráchtála.
Bhí sé ina Phríomh-Ionadaí don Ard-Aighne Comhlach i Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe ó 2005 go 2006 sular ainmníodh do Chúirt Achomharc na Stát Aontaithe le haghaidh an Deichiú Cuaird é; is d'aon ghuth a deimhníodh é.[1]
Tar éis dó a bheith ar an liosta d'ainmnithe féideartha don Chúirt Uachtarach a d'fhógair Donald J Trump i mí Mheán Fómhair 2016, i mí Eanáir 2017 d'ainmnigh an tUachtarán Trump é chun an folúntas i ndiaidh bhás Antonin Scalia a líonadh. Bhí Gorsuch ar an ainmniúchán is óige sa gcúirt is airde i Meiriceá le os cionn 25 bliain.[2]
Dúirt Cumann Barra Mheiriceá go raibh sé cáilithe go maith, mhol Coiste Breithiúnachta an tSeanaid é (11-9 de réir línte páirtí) agus deimhníodh é 54-45 (tar éis do thriúr Daonlathaithe dul i gcomhar leis an Poblachtaigh). Agus é sin a dhéanamh acu, bhris na Poblachtaigh an nós gur féidir filibuster a dhéanamh maidir le hainmniúcháin bhreithiúnacha.[1]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Neil Gorsuch". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Nuacht RTÉ (2017-02-01). "An Breitheamh Gorsuch ainmnithe don Chúirt Uachtarach" (as ga).