Jump to content

Limistéar Schengen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLimistéar Schengen

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósSchengen Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 54° 16′ 30″ N, 25° 33′ 45″ E / 54.275048°N,25.562439°E / 54.275048; 25.562439
Rannpháirtíocht

Is limistéar de chuid Aontas na hEorpa é an Limistéar Schengen.[1][2] Níl aon rialú teorann idir na tíortha sa limistéar, an chuid is mó. Ach tá rialú teorann i gcónaí idir na tíortha sa limistéar agus na tíortha nach bhfuil.

Síníodh an Comhaontú Schengen ar 14 Meitheamh 1985 agus tháinig an Limistéar i bhfeidhm ar 26 Márta 1995.[3]

1985ː siníodh an comhaontú don chéad duair (socrú idir tíortha ag an am)

Tháinig méadú ar an limistéar de réir a chéile agus cuimsíonn sé anois nach mór gach ballstát AE chomh maith leis an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin.

Baile Schengen, Lucsamburg

Ní cuid de limistéar tíortha áirithe fós. Tá dá thír san Aontas Eorpach - Éire agus an Chipir - nach bhfuil ina mball acu den Limistéar (agus tá an Chipir ag iarraidh dul isteach).

Tá gach ball Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa - an Iorua, an Eilvéis, an Íoslainn agus Lichtinstéin - sa Limistéar freisin.

Tá Eire fós sa Comhlimistéar taistil leis an Ríocht Aontaithe.

daonra níos airde ná 400 milliún duine a chónaíonn sa Limistéar Schengen.

Prionsabal na saorghluaiseachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó cuireadh limistéar Schengen ar bun siar sa bhliain 1995, tá deireadh le teorainneacha inmheánacha sa chuid is mó den Eoraip. Is féidir le saoránaigh, lucht gnó agus turasóirí gluaiseacht gan srian agus gan a bheith faoi réir seiceálacha teorann.

Is ceann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach é an Limistéar Schengen.[4]

tá cead saorghluaiseachta ag daoine san Aontas Eorpach

Tá prionsabal na saorghluaiseachta ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach.

Tá ag gach saoránach den Aontas Eorpach an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse áit ar bith i mballstáit an Aontais. Ag an am céanna, is féidir le teifigh a thagann isteach sa Limistéar taisteal ar aghaidh chuig tír ar bith eile sa limistéar sin gan aon bhac teorann eile orthu – dá mba mhian leo.[5]

Ó thaobh na praiticiúlachta de, caithfidh na taistealaí dul trí rialú pasanna uaireanta idir na tíortha sa limistéar Schengen ó 2016, mar gheall ar an mbaol ó sceimhlitheoireacht, Covid nó mar sin de.[6][7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ráiteas ag an Aire Dlí agus Cirt Nora Owen sa Dáil, 14 Márta 1995
  2. Alex Hijmans (25 Meán Fómhair 2024). "An tsaoirse taistil á tástáil ag teorainneacha na hEorpa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-25.
  3. "EUR-Lex - schengen_agreement - EN - EUR-Lex" (en). eur-lex.europa.eu. Dáta rochtana: 2022-06-14.
  4. "Limistéar Schengen: ceann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag AE | Nuacht | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu (2018-02-23). Dáta rochtana: 2021-05-09.
  5. Alex Hijmans (2015). "Bealach an tuaiscirt á thógáil ag teifigh – ar rothair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-09.
  6. Máirín Ní Ghadhra (2019). "LITIR ÓN nGRÉIG: Níor tharla an ‘Grexit’ ach an Brexit anois an t-údar imní" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-09.
  7. Alan Desmond (2007). "An Rialtacht a Chur i bhFeidhm" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-05-09.