Ionsamhlóir
Cuma
Is éard is ionsamhlóir[1] ann ná gaireas meicniúil, leictrimeicniúil nó ríomhaire chun samhlú réalaíoch d'eachtra nó córas a tháirgeadh. Baintear feidhm as a leithéid go minic nuair a bhíonn an fíor-rud an-chostasach nó doshroichte, chun oibrithe (i monarcha, córas leictreachais, traein, eitleán is eile) a thraenáil go sábháilte. In insamhlóir eitleáin, déantar na freagairtí optúla is meicniúla a atáirgeadh le grafaic ríomhaire is gluaiseachtaí, agus creathanna an bhord eitilte insamhlaithe. Sa chás céanna, is féidir ríomhairí a úsáid chun feiniméin i bhfad níos casta a insamhlú, le han-chuid athróg, cosúil le imshruthluithe san atmaisféar is aimsir chlamparach.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““ionsamhlóir” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-12-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ionsamhlóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 377.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |