Is éard a bhí i gceist le hIonsaithe 11 Meán Fómhair (9/11 mar a ghiorraítear uaireanta iad) ná sraith de cheithre ionsaí sceimhlitheoireachta ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, réitithe ag na mbuíon Ioslamach sceimhlitheoireachta al-Qaeda, maidin dé Máirt, 11 Meán Fómhair, 2001.[1]Maraíodh 2,977 duine, gortáiodh níos mó ná 25,000 agus cruthaíodh an iliomad fadhbanna sláinte fadtéarmacha de bharr na n-ionsaithe.[2] Anuas ar sin, deineadh scríos mhillteach ó thaobh an bhonneagair agus na maoine de, ar chostas thart ar 10 billiún dollar.
D'fhuadaigh naoi sceimhlitheoir déag d'al-Qaeda ceithre eitleán ó aerfoirt éagula in iarthuaisceart na Stát Aontaithe agus California mar cheann scríbe ag gach aon cheann acu. Thuairteáil péire díobh ar dhá thúr an Ionaid Trádála Domhanda in Manhattan Íochtar agus leagadh chun talún iad araon taobh istigh de dhá uair an chloig. Dhírigh an 3ú eitleán ar an Peinteagán, ceanncheathrú Roinn Chosanta na tíre, i gContae Arlington, Virginia. Bhí an ceathrú cheann athdírithe i dtreo Washington, D.C. ag na bhfuadaitheoirí ach is cosúil go bhfuair paisinéirí an eitleáin an ceann is fearr orthu agus thit sé go talamh i ngort sa Stonycreek Township, Pennsylvania.
2. United Airlines Eitilt 175 (Bostún-Los Angeles), (a bhuail an túr theas den World Trade Center ag 9:03AM. Chonaic a lán daoine an t-ionsaí seo agus é ag tarlú mar bhí ceamaraí teilifíse ag taifeadadh an eachtra ag an túr thuaidh
smionagar na pléisce4. United Airlines Eitilt 93 (Newark-San Francisco), a bhuail an talamh ag 10:03AM, gar do Shanksville, Pennsylvania. Ceaptar gurb é plean na sceimhlitheoirí Caipeatól na Stát Aontaithe in Washington a ionsaí ach rinne na paisinéirí iarracht na fuadaitheoirí a chloí. Bhí fóin phóca ag cuid de na paisinéirí agus bhí fhios acu cad a tharla do na heitleáin eile a bhí fuadaithe. Bhuail an t-eitleán an talamh mar gheall ar an troid agus maraíodh gach éinne ar bord.
Maraíodh 246 daoine a bhí ar bord na heitleáin, gan na 19 sceimhlitheoirí a chur san áireamh.
Thosaigh tinte sna túir den World Trade Center de bharr na n-ionsaithe. Bhí an túr theas ag dó ar feadh 52 nóiméad sular thit sé. Bhí an túr thuaidh ag dó ar feadh 102 nóiméad sular thit sé. Scriosadh an dá thúr.
ruthaig eitilte
Thit foirgneamh eile in aice leis na túir, an "7 World Trade Center" ag 5:20PM an lá céanna. Ceaptar gur lagaíodh an foirgneamh seo nuair a thit na túir eile.
Maraíodh 2606 duine ag an World Trade Center. Maraíodh 341 fir dóiteáin de chuid an Roinn Dóiteáin i Nua-Eabhrac.
D'ionsaigh fórsaí míleata na Stáit Aontaithe an Afganastáin i mí Dheireadh Fómhair, 2001. Bhí an Afganastáin faoi smacht an Talaban, grúpa antoisceach Ioslamach agus bhí roinnt ceannairí de chuid Al-Qaeda lonnaithe sa tír.