Jump to content

Heimir Hallgrímsson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bainisteoir agus iarpheileadóir sacair is ea Heimir Hallgrímsson (a rugadh i Heimaey san Íoslainn ar an 10 Meitheamh 1967). Ceapadh ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann in 2024.[1]

Infotaula de personaHeimir Hallgrímsson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Meitheamh 1967
57 bliana d'aois
Oileáin Vestmann, An Íoslainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na hÍoslainne Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair, bainisteoir sacair, fiaclóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Íoslainnis agus Béarla
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
1986–1992 Íþróttabandalag Vestmannaeyja (en) Aistrigh 93(0)
1993–1993 ÍF Höttur (en) Aistrigh 17(3)
1994–1996 Íþróttabandalag Vestmannaeyja (en) Aistrigh 26(0) Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
  Iceland national association football team (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
  Cóitseálaí enllaç= enllaç=
1999–2001 ÍBV women's football (en) Aistrigh
2002–2002 Íþróttabandalag Vestmannaeyja (en) Aistrigh
2003–2004 ÍBV women's football (en) Aistrigh
2006–2011 Íþróttabandalag Vestmannaeyja (en) Aistrigh
2013–2018   Iceland national association football team (en) Aistrigh
2018– Al-Arabi SC (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm8225151 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhíodh Hallgrímsson ag obair ina fhiaclóir sna 1990idí.[2]

Bhí Hallgrímsson ina chomhbhainisteoir ar an Íoslainn, in éineacht le Lars Lagerback, nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Shasana ag craobh na hEorpa in 2016, bua stairiúil. Bhí Hallgrímsson ina bhainisteoir as féin ar a thír dhúchais ina dhiaidh sin nuair a cháiligh siad do Chorn an Domhain in 2018, an chéad uair acu an comórtas sin a bhaint amach.

Bhí Hallgrímsson i bhfeighil ar Iamáice do 27 cluiche, 2022-2024. Bhuaigh sé deich gcinn, chaill sé deich gcinn agus comhscór a bhí sna seacht gcluiche eile. Cháiligh siad faoina stiúir don Copa America. D’fhág Hallgrímsson a phost mar bhainisteoir ar Iamáice nuair a díbríodh as Copa Mheiriceá iad ag deireadh na míosa seo caite nuair a bhuail Veiniséala iad.

Bainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gan chaint, gan choinne cheap an IFA Heimir Hallgrímsson marbhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann ar an 10 Iúil 2024.[2] Tháinig ceapachán Hallgrímsson aniar aduaidh ar dhaoine ó tharla nach raibh sé ar an liosta fada daoine a bhí á lua leis an bpost.[1][3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "Heimir Hallgrímsson na hÍoslainne ceaptha ina bhainisteoir ar Éirinn" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-10). Dáta rochtana: 2024-07-10.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-07-10). "Íoslannach, iar-cheannasaí Iamáice, saoiste nua sacair na tíre" (as ga-IE). 
  3. Bhain go leor bráca le cuardach an bhainisteora nua d’Éirinn agus faoi dhó a tugadh isteach John O’Shea mar bhainisteoir eatramhach. Bhí go leor bainisteoirí á lua leis an bpost, ina measc Lee Carsley, Roy Keane, Gus Poyet Neil Lennon, Chris Coleman, agus Chris Hughton.