Jump to content

Frithchaitheamh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa bhfisic, is éard atá i gceist le frithchaitheamh[1] ná preabadh ar ais solais, fuaime nó toinne eile ó dhromchla cuí, an uillinn frithchaite cothrom leis an uillinn ionsaitheach. Frithchaitear solas ó dhromchla lonrach (mar shampla, miotal). Frithchaitear fuaim ag dromchlaí crua míne, agus nuair a théann sí trí athrú dlúis san aer. Mar thomhas ar chumas frithchaite dromchla, luaitear an frithchaiteas, cóimheas dhéine na toinne frithchaite is dhéine na toinne ionsaithí.[2]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): frithchaitheamh” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-08-25.
  2. Hussey, Matt (2011). "Frithchaitheamh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 288.