Eric Richard Kandel
Cuma
Néarfhiseolaí a saolaíodh i Vín na hOstaire, agus a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe is ea Eric Richard Kandel (a rugadh ar 7 Samhain 1929). Sa bhliain 2000 roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le Arvid Carlsson is Paul Greengard as a thaighde ar thrasduchtú comharthaí sa néarchóras chun gurbh fhéidir drugaí nua a fhorbairt amach anseo mar chóireáil ar ghalair néareolaíocha is shíciatracha. D'fhoilsigh sé a dhírbheathaisnéis In Search of Memory (Ar Lorg na Cuimhne, 2006).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eric Richard Kandel". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 384.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |