Jump to content

Dorohoi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDorohoi

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 47° 57′ 35″ N, 26° 23′ 59″ E / 47.9597°N,26.3997°E / 47.9597; 26.3997
Stát ceannasachan Rómáin
JudețBotoșani Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairDorohoi Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán22,893 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús381.55 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla60 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde170 m Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Dorohoi Cuir in eagar ar WikidataDorin Alexandrescu (2008–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist715200 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinprimariadorohoi.ro Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair is ea Dorohoi (Fuaim Fuaimniú) i Județul Botoșani, an Rómáin, ar bhruach na láimhe deise den abhainn Jijia, a leathnaíonn amach isteach i loch ar an taobh thuaidh.

Bhíodh Dorohoi ina mhargadh d'adhmad agus do tháirgí feirme d'ardchríocha thuaidh na Moldóive; tháinig ceannaithe ó na stáit chomharsanachta chuig an aonach mór, a reáchtáladh ar an 12 Meitheamh. Luaitear an lonnaíocht den chéad uair i ndoiciméid óN bhliain 1408, áit ar síníodh conradh idir an rialtóir (nó voievode) logánta Moldóvach, Alexandru cel Bun, agus Rí na Polainne agus an Ungáir.

Bhombardaigh na Rúisigh Dorohoi le linn an Chéad Chogadh Domhanda.

Bhíodh Dorohoi mar phríomhchathair Chontae Dorohoi, ach díghrádaíodh go bardasach é nuair a ghabh an tAontas Sóivéadach seilbh ar an Bhasaráib agus Tuaisceart na Bucoivéine go déanach i mí an Mheithimh 1940. Ar 1 Iúil, 1940, rinne aonaid d'Arm na Rómáine ionsaí ar Ghiúdaigh áitiúla i bpogram. Níor thacaigh Rialtas na Rómáine leis na gníomhartha míleata seo i gcoinne na nGiúdach. Nuair a tháinig ceannasaíocht an airm ar an gcomhcheilg i gcoinne na nGiúdach, cuireadh trúpaí amach chun deireadh a chur leis an bhfogha.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na tuilte sa Rómáin sa bhliain 2010

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chonaic Dorohoi básanna le linn oíche an 28-29 Meitheamh, 2010 de réir mar a mhéadaigh tuilte go díreach os cionn méadar 1 méadar in áiteanna áirithe. Scuabadh roinnt bóithre ar shiúl sa tuile nó bhí siad fágtha faoi uisce. Mar gheall ar bháisteach throm a bhí ag titim le beagnach seachtain, thug réamhaisnéiseoirí rabhadh go leanfadh sé ar aghaidh in oirthuaisceart na Rómáine. Mharaigh an bháisteach neamhghnách throm seisear, an chuid is mó i mbaile Dorohoi ar an 29ú.

Déimeagrafaic

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an daonáirimh ó 2011 bhí daonra iomlán de 22,600 duine ina gcónaí sa chathair seo. Den daonra seo, is Rómánaigh eitneacha iad 98.13%, Romaigh eitneacha 1.54%, Giúdaigh eitneacha 0.07% agus Úcránaigh eitneacha 0.02%.

Giúdaigh Dorohoi

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shocraigh Giúdaigh i nDorohoi den chéad uair sa 17ú hAois. Bunaíodh é mar Ghild Giúdach faoin Mholdáiv . D’fhulaing Giúdaigh anseo le linn an Chéad Chogadh Domhanda.

  • Bhí 600 teaghlach Giúdach i nDorohoi sa bhliain 1803.
  • 3,031 duine sa bhliain 1859 (thart ar leath den daonra)
  • 6,804 sa bhliain 1899 (níos mó ná leath den daonra)
  • 5,800 sna 1930idí.

Mar a tharlaíonn, tháinig méadú ar an daonra Giúdach tar éis an Uileloiscthe mar thoradh ar dhídeanaithe ag socrú ann. Sa bhliain 1947, bhí 7,600 Giúdach ina gcónaí i nDorohoi. Tar éis bhunú Iosrael, tháinig laghdú seasta ar dhaonra Giúdach Dorohoi. Sa bhliain 1956, bhí 2,753 Giúdach ann. Sa bhliain 1966, bhí 1,013 ann. Faoin mbliain 2000, ní raibh ach 49 Giúdach fágtha i nDorohoi.

Daoine ó dhúchas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Turasóireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beagán go dtí teorainneacha oirthearacha na cathrach, agus ar an mbealach go Broscăuți, féadfaidh turasóirí teacht ar Eaglais San Nioclás, foirgneamh a thóg Ștefan cel Mare sa bhliain 1495. Bhí díbirtí deamhan i bhfeidhm anseo go dtí deireadh na 2000í.

Riarann an chathair trí shráidbhaile: Dealu Mare, Loturi Enescu agus Progresul.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]