Domhnach na Fola (1972)
| ||||
Lipéad sa teanga dhúchais | (ga) Domhnach na Fola | |||
---|---|---|---|---|
Cineál | eirleach | |||
Cuid de | na Trioblóidí | |||
Dáta na bliana | 30 Eanáir 1972 | |||
Suíomh | Doire, Northern Ireland | |||
Rannpháirtí | ||||
Líon básanna | 14 | |||
Líon gortaithe | 1,777 | |||
Is éard a bhí i gceist le Domhnach na Fola (Bloody Sunday sa Bhéarla) ná eachtra nó dúnmharú a tharla i nDoire i dTuaisceart Éireann ar an 30 Eanáir, 1972. Lámhach agus mharaigh paratrúpaí ó Arm na Breataine trí shibhialtach déag – ar dhéagóirí seachtar acu – agus iad ag glacadh páirt i máirseáil ar son chearta sibhialta i dTaobh an Bhogaigh. Gortaíodh cúig dhuine dhéag eile sa luíochán agus bhásaigh duine acu ceithre mhí ina dhiaidh de bharr na ngortuithe a bhain dó an lá sin.
Tábhacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Glactar leis go coitianta gur chuir an t-uafás fad na mblianta leis an marú ó thuaidh.[1] In 1969 a thosaigh feachtas na Sealadach ach tháinig borradh agus fás air mar thoradh ar eachtraí an lae seo. Tá Domhnach na Fola ar ceann de na heachtraí is tábhachtaí i stair na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann: ar an lá sin, bhí arm na Breataine páirteach sna heachtraí agus fuair muintir na tíre amach faoin eachtra go héasca tríd na meán chumarsáide, rud nua ag an am.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 1970, d'éirigh le saighdiúirí Frank Kitson seilbh a ghabháil ar cheantair i mBéal Feirste a bhí faoi smacht an IRA Oifigiúil agus an IRA Shealadaigh agus tugadh moladh céadach dó dá bhíthin sin.
Bhí Frank Kitson i gceannas ar an gcathlán paratrúipéirí a lámhach agus a mharaigh deichniúr i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste i gcaitheamh trí lá idir 9-11 Lúnasa 1971.[2]
Slad
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cathlán den Parachute Regient faoi, Frank Kitson, briogáidire,[2] Leifteanant-choirnéal Derek Wilford agus an Captaen Mike Jackson a bhí i mbun na hoibríochta seo. Fuair triúr déag bás (seisear dóibh faoi ocht mbliana déag d'aois), ar an bpointe, agus duine eile 4½ mí níos déanaí de bharr a bheith gortaithe ar an lá seo. Gortaíodh beirt agóidigh nuair a bhuail gluaisteáin de chuid an airm iad.
Is soiléir inniu nach raibh airm ar bith ag éinne de na 26 duine nuair a scaoileadh leo. Piléir sa droim a ghortaigh cúigear díobh.
Bronnadh gradam CBE[3] ar Kitson ar 15 Feabhra 1972, coicís i ndiaidh Dhomhnach na Fola (agus bronnadh ridireacht ar Kitson i 1980).
Fiosrúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí dhá fhiosrúchán déanta ag rialtas na Breataine:
- Fiosrúchán Widgery[4], foilsithe ar 19 Aibreán 1972: dúirt Widgery go raibh na saighdiúirí neamhchiontach. Níor thug mórán daoine meas air, agus mar sin, tharraing an tuarascáil go leor conspóide ar feadh na blianta.
- Mar le Domhnach na Fola, thug an Ginearál Mike Jackson le fios in 2007 go ndúirt Kitson gur chóra don Choirnéal Derek Wilford – an t-oifigeach a bhí i gceannas na saighdiúirí an lá sin – gur chóra dó "an obair a chríochnú".[2]
- Fiosrúchán Saville;[5] 1998 - 2010: Foilsíodh tuarascáil Saville sa bhliain 2010 faoi dheireadh, tuarascáil a chruthaigh go raibh an locht ar na saighdiúirí Briotanach.[6] Tugadh le fios i dTuairisc Saville gur chuir cuid de na saighdiúirí a bhí i láthair an lá sin ráitis bhréige ar fáil don fhiosrúchán.[7] "Ghlac" rialtas na Breataine leis an toradh seo, mar a dhearfá, ach níor tharla mórán dá bharr.
- In 2015, chuir teaghlach Patrick Eugene Heenan, fear Caitliceach ar mharaigh an UDA é in 1973, an dlí ar Kitson agus ar Arm na Breataine go ginearálta as a mharú.[8]
Cúiteamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Íocadh pacáiste cúitimh. Ar an 18 Nollaig 1974, shocraigh Rialtas na Breataine £42,000 san iomlán (sic) a íoc le muintir an 13.
Cóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir Fiosrúchán Saville, mharaigh "Saighdiúir F" cúigear ar a laghad : William McKinney, 26, James "Jim" Wray, 22, Bernard "Barney" McGuigan, 41, Patrick Doherty, 31, agus Michael Kelly, 17.
Ar an 13 Nollaig 2023, cuireadh F ar a thriail i mBéal Feirste faoi bheirt a dhúnmharú agus faoi iarracht a dhéanamh ar chúigear eile a dhúnmharú in 1972. Bhí sé curtha i leith 'Shaighdiúir F' gur dhúnmharaigh sé McKinney agus Wray lá úd na fola.[1]
Ar an 19 Aibreán 2024, dúirt Seirbhís Ionchúisithe Thuaisceart Éireann nach raibh go leor fianaise ann leis an chonclúid i dTuairisc Saville - gur chuir cuid de na saighdiúirí a bhí i láthair an lá sin ráitis bhréige - a chruthú i dtriail choiriúil:[7]
- Nár bhunaigh Fiosrúchan Saville an cáineadh ar na saighdiúirí ar chaighdeán coiriúil cruthúnais.
- Nach bhféadfaí, ar chúiseanna dlí, na cuntais a thug na saighdiúirí i 1972 a úsáid mar fhianaise.
- Nár chuir achan duine a thug fianaise do Bhinse Saville raiteas finné ar fáil don PSNI.
Mar sin, ní chúisíodh aon duine den chúigear saighdiúir déag, ar cuireadh ina leith gur thug siad fianaise bhréige.[7]
Clabhsúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúpla seachtain níos déanaí, Rritheadh Acht Oidhreacht na dTrioblóidí[9] a chur stop a chur le fiosruithe sa Ríocht Aontaithe agus cosc ar ionchoisní is cásanna sibhialta faoi eachtraí le linn na dTrioblóidí.[10] Faoin Acht Oidhreachta, ceadaítear díolúintí coinníollacha ó ionchúiseamh a bhronnadh ar dhaoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad coir le linn na dTrioblóidí.
Ach thug an reachtaíocht a ritheadh sa Bhreatain in 2023/2024 d’fhonn an fhírinne faoin drochré sa Tuaisceart a cheilt léiriú nach beag ar mheon a thugann tús áite do leas an lucht ceannais seachas leas an phobail.[11]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Fiosrúchán Saville;[5] Fiosrúchán Widgery
- Sléacht Springhill agus Sléacht Bhaile Uí Mhurchú
- Frank Kitson, GBE,[12] CBE,[13] KCB, MC & Bar, DL agus an Ginearál Sir Michael David Jackson, GCB, CBE, DSO, DL
- Acht Oidhreacht na dTrioblóidí. Chinn Rialtas na hÉireann in 2023 dúshlán an Achta a thabhairt sa CECD.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-12-14). "'Saighdiúir F' le cur ar thriail faoi dhúnmharú Domhnach na Fola" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-01-04). "An 'frithcheannairceach' an Ginearál Frank Kitson tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ Commander of the Order of the British Empire
- ↑ "Fiosrúchán Widgery, ar Cain.ulst.ac.uk". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-09-23. Dáta rochtana: 2016-12-18.
- ↑ 5.0 5.1 Saville (2010). "Saville Enquiry / Bloody Sunday Inquiry Report". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-02-25. Dáta rochtana: 2023-12-14.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (16 Nollaig 2023). "Nuacht Mhall: (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-16.
- ↑ 7.0 7.1 7.2 Nuacht RTÉ (2024-04-19). "Saighdiúirí "a d'inis bréaga" do Saville gan cás le freagairt" (as ga-IE).
- ↑ "Senior UK army officer to be sued over NI death" (as en) (2015-04-27).
- ↑ Northern Ireland Troubles (Legacy and Reconciliation) Act 2023, nó "Northern Ireland Troubles Act" nó "Legacy Act"
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (13 Feabhra 2024). "Tá claontacht na dTóraithe ag cur Comhaontú Aoine an Chéasta as a riocht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-28.
- ↑ Cathal Mac Coille (20 Aibreán 2024). "Bua tábhachtach don fhírinne an breithiúnas a tugadh i gcás an Stardust" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-20.
- ↑ Knight Grand Cross of the Order of the British Empire
- ↑ Commander of the Order of the British Empire