Comhéifeacht chúltarraingthe
Tomhas ar an bhfrithfhórsa dinimiciúil a tharlaíonn nuair a ghluaiseann réad, mar ghluaisteán, eitleán nó bád, trí shreabhán. Mar shampla, nuair a ghluaiseann feithicil tríd an aer, méadaíonn an frithfhórsa cúltarraingthe a fheidhmíonn an t-aer ar an bhfeithicil de réir an luais chearnaigh. Mar bharr air sin, ní mór cumhacht an innill i ngluaisteán — is é sin, ráta ídithe a bhreosla—a mhéadú de réir an luais chiúbaigh chun an frithfhórsa a shárú. Is gá an chumhacht a mhéadú faoina 8 nuair a mhéadaítear an luas faoina dó. Le blianta anuas tá an-iarracht ar siúl ag déantóirí gluaisteán an chomhéifeacht chúltarraingthe a laghdú ó timpeall 0.5 sna 1960idí síos go dtí timpeall 0.2 anois, rud atá tar éis éifeacht breosla gluaisteán a fheabhsú as cuimse.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Comhéifeacht chúltarraingthe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 165.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |