Chlodovechus I
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Chlodovechus |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | c. 466 (Féilire Ghréagóra) luach anaithnid |
Bás | 27 Samhain 511 44/45 bliana d'aois Páras (Impireacht na bhFranc) |
Áit adhlactha | Abbey of St Genevieve (en) |
Rí na bhFranc | |
481 – 27 Samhain 511 ← Childéric I – Theuderich I, Clodomir I, Childebert I, Clotaire I → | |
Consal Rómhánach | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Germanic paganism (en) agus an Chríostaíocht |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Tréimhse ama | Impireacht Íochtarach na Róimhe agus an Chianaois Dhéanach |
Eile | |
Teideal uasal | Rí na bhFranc (481–511) |
Teaghlach | Na Meirvínsigh |
Céile | banphrionsa na bhFranc Clotilde (493–511) |
Páiste | Theuderich I ( banphrionsa na bhFranc) Childebert I ( Clotilde) Clotaire I ( Clotilde) Clodomir I ( Clotilde) Ingomer ( Clotilde) Clotilde ( Clotilde) |
Athair | Childéric I agus Basina Thuringia |
Siblín | Audofleda, Lanthilde agus Aboflede |
B'é Chlodovechus I [1] (Gaeilge: Clóbhis, Clovis agus Clóvas) [2]) (466 – 27 Samhain 511) an chéad Rí na bhFranc agus is é a d'aontaigh na treibheanna Francacha go léir le chéile faoi cheannaire amháin. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athar Childeric I, sa bhliain 481 mar Rí na bhFranc Saileach, ceann de na treibheanna a mhair ar ghabháltas taobh thiar den Réine Íochtaraí.
B'iad Tournai agus Cambrai lárionaid na Sailíní i gceantar Toxandria, atá anois ar teorann na Fraince agus na Beilge. Chloígh Clóvas na treibheanna Francacha máguaird agus bhunaigh sé é féin mar rí aonair orthu roimh a bhás.
Tháinig triúr de shliocht Clovis i gcumhacht; sin iad Teuderich II (†613), Teudebert (†612) agus Clotaire (†629). Is iadsan ba ríthe ar Burgundes, Austrasia, agus Neustria faoi seach .i. ar na trí thrian a bhí i ríocht na Meirvínseach.[3]
Croineolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá croineolaíocht réimis an rí Chlodovechus I neamhchruinn nó in easnamh. Tá bunús ár n-eolais ag brath ar an méid a scríobhadh sa dara leabhair Staire (Histoire, Livre II) le Gregoire de Tours, ina ndéantar tagairt de na heachtraí seo a leanas:
- cogadh in aghaidh Syagrius tar éis don rí Clóvas bheith i réim ar feadh cúig bliana,
- cogadh in aghaidh na nAlamanni tar éis dó bheith i réim ar feadh cúig bliana déag, agus
- cogadh in aghaidh na Viseagotach cúig bliana roimh a bhás;
Bhí Clóvas cúig bliana déag nuair a ainmníodh é mar "Rí na bhFranc", réimeas a lean ar feadh tríocha bliain. Is dócha go bhfuil bunús na fírinne sna cuntais seo « à peu de choses près ». Tugann foinsí eile le fios gur sa bhliain 511 a fuair Clóvas bás, mar sin b'fhéidir gur sa bhliain 481 (circa) a ghlac Clóvas post an rialtóra .
Seo a leanas an Chróineolaíocht:
- 466 : dáta breithe Chlodovechuis, mac Childericuis I, rí na bhFranc Sailíneach i dTournai, agus an bhanríon Basine de Thuringe.
- 481-482 : Chlodovechus tagtha i gcoróin. Fuair sé mar oidhreacht ríocht a bhí i gcomhréir le an Dara Bheilg (Fraincis:Belgique Seconde) limistéar beag suite idir an Mhuir Thuaidh, an Schelde,agus Cambrésis, sé sin fearann ag dul go Reims chomh fada le Amiens agus Boulogne, ach gan an réigiúin de Soissons, a bhí i seilbh Syagrius.
na Réine
- 484: Comhghuaillíocht le Francaigh na Réine agus le Francaigh Chambrai. (B'é Ragnacaire, rí na bhFranc i gCambrai, agus b'fhéidir ceann de tuismitheoirí Chlóvais.)
- 485: Phós sé banphrionsa Réineach, iníon Chloderic prionsa Köln agus bhí mac acu lena chéile, Theuderich. Is minic an pósadh seo léirmhínithe mar seift chun buntáiste beartaíochta a thabhairt don rí, bheadh suíochán aige lena comharsana san oirthear agus bheadh sé in ann a aird a dhíriú ar an deisceart.
Bhí an t-aontas seo le bhean chéile 'den dara ghrád', ábalta síocháin a chinntiú (Gearmáinis: friedelehen), idir Ríocht na bhFranc Réineach agus Ríocht na bhFranc Sailíneach. Is minic a léirmhíníodh na staraithe Críostaí an pósadh go mícheart, gur leannán leapa agus ní bean chéile a bhí sa phósadh. Ach tharla seo de réir míthuiscint na staraithe ar nósanna na nGearmánach agus ar chomhdhéanamh polagamach na dteaghlach Gearmánach, gan phósadh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Gregorii Turonensis Decem Libri Historiarum, II, passim
- ↑ http://www.tearma.ie/Search.aspx?term=Clovis,Tearma.ie
- ↑ Diarmuid Johnson (2022). "Ceallach- Cín Lae Fíréin AD590-620" (ga-IE). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-04-19. Dáta rochtana: 2023-04-21.