Carnabhal
Cineál | téama ealaíne ![]() |
---|---|
Eatramh imeacht | 1 bliain ![]() |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/85/Lingelbach_Karneval_in_Rom_001c.jpg/220px-Lingelbach_Karneval_in_Rom_001c.jpg)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4b/Desfile_Portela_2014_%28906185%29.jpg/220px-Desfile_Portela_2014_%28906185%29.jpg)
Ceiliúradh poiblí roimh an Charghas is ea Carnabhal. Ceiliúrtar tréimhse Carnabhail sna tíortha ina bhfuil an Chríostaíocht Iartharach, go mór mhór an Caitliceachas, agus an Chríostaíocht Cheartchreidmheach Gréagach i réim.
Tagann Carnabhal gach bliain i mí Feabhra nó i dtús mí Márta sa tréimhse ar dtugtar an Inid uaireanta. Sa Bhraisil, ní thosaíonn an carghas, go dtí meán lae Dé Céadaoin an Luaithrigh.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/53/Samba_schools_in_Sambadrome_2008_07.jpg/220px-Samba_schools_in_Sambadrome_2008_07.jpg)
Paráidí a bhíonn i gceist an chuid is mó den am, agus mascanna agus feistis feiceálacha eile á chaitheamh ag na daoine atá páirteach iontu.
Deasghnáth aisiompaithe é Carnabhal dar leis na haintraipeolaithe.
Is í carnabhal Rio de Janeiro an fhéile sráide is mó ar domhan b'fhéidir.[1] Ach is í carnabhal Salvador an fhéile sráide is mó ar domhan, de réir chomhairle cathrach Salvador.[2]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Carnabhal sa Bhrasaíl – saoire ón ngnáthshaol…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-03-02.
- ↑ "Favela" (ga-IE). Cois Life. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-02. Dáta rochtana: 2020-03-02.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |