Camall
Cuma
Camelus | |
---|---|
camall Baictriach | |
Taifead | |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Artiodactyla |
Fine | Camelidae |
Géineas | Camelus Linnaeus, 1758 |
Cineál tacsanomaíoch | Camelus bactrianus |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Is mamach mór crúbach sa ghéineas Camelus é camall (ón Laidin camelus agus Gréigis kamēlos, as Eabhrais nó Féinícis: גָמָל gāmāl[1]) a bhfuil muineál fada agus dronn nó dhá dhronn air. Úsáidtear camaill san fhásach mar ainmhithe iompair nó marcaíochta. Ceansaíodh an camall fadó, agus mar bheostoc, soláthraíonn siad bia (bainne agus feoil) agus teicstílí (snáithín agus éadach óna fhionnadh). Is ainmhithe oibre iad camaill atá sainoiriúnaithe dá ngnáthóg fhásaigh. Tá trí speiceas camall beo ann. Cuimsíonn an dromadaire (a bhfuil dronn amháin air) 94% de na camaill ar domhan, agus cuimsíonn an camall Baictriach (a bhfuil dhá dhronn air) 6%. Is speiceas ar leith é an camall Baictriach fiáin atá go mór i mbaol anois.
Pictiúr | Ainm coitianta | Ainm tacsanomaíochta | Dáileadh |
---|---|---|---|
Camall Baictriach | Camelus bactrianus | Ceansaithe; Lár na hÁise, réigiún stairiúil na Baictria san áireamh. | |
Dromadaire / Camall Arabach | Camelus dromedarius | Ceansaithe; an Meánoirthear, an Sahára, agus an Áise Theas; tugtha isteach go dtí an Astráil | |
Camall Baictriach fiáin | Camelus ferus | Ceantair iargúlta in iarthuaisceart na Síne agus sa Mhongóil |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Herper. “camel”. Online Etymology Dictionary. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 September 2013. Dáta rochtana: 28 November 2012.
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |