Bratach na Liotuáine
Appearance
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/11/Flag_of_Lithuania.svg/220px-Flag_of_Lithuania.svg.png)
Tá Bratach na Liotuáine déanta de thrí dhath chothroma, buí, glas agus dearg. Glacadh leis an mbratach ar 20 Márta, 1989 díreach roimh don tír neamhspleáchas a fháil ón Aontas Sóivéadach. Roimhe sin úsáideadh é ón mbliain 1918 go dtí an bhliain 1940; ina dhiaidh sin bhí an tír faoi smacht ag an Aontas Sóivéadach (1940-1941), ag an nGearmáin (1941-1945) agus arís ag an Aontas Sóivéadach. Ón mbliain 1945 go dtí an bhliain 1989 bhain an Liotuáine feidhm as bratach dhearg Shóivéadach a raibh ainm na poblachta uirthi. Ar an mbratach thrídhathach atá anois ann, seasann an buí do pháirceanna órga na Liotuáine, an glas don tuath ghlas agus an dearg don fhuil a doirteadh ar son na tíre.